Evie Hone
Ba ealaíontóir í Eva Sydney Hone (22 Aibreán 1894 – 13 Márta 1955) nó Evie a chuir daoine uirthi de ghnáth. Ba phéintéir í ar dtús agus rinne sí ealaín ghloine dhaite níos déanaí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Aibreán 1894 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 13 Márta 1955 60 bliana d'aois Ráth Fearnáin, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Central School of Art and Design (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, ealaíontóir gloine daite |
Seánra | Portráid |
Teaghlach | |
Athair | Joseph Hone agus Eva Eleanor Robinson |
Deirtear gur réadóir luath í den chiúbachas ach bhí clú agus cáil uirthi mar gheall ar a saothair gloine. is é an saothar ealaíne is cáiliúla atá déanta aici ná My Four Green Fields atá anois suite sna foirgnimh rialtais i mBaile Átha Cliath.
Saol
Rugadh Evie Hone i nDomhnach Broc, i mBaile Átha Cliath ar an 22ú Aibreán 1894. Ba í Evie an iníon is óige de Joseph Hone agus Eva Eleanor Robinson, iníon Sir Henry Robinson agus fuair sí bás díreach tar éis bhreith Hone.
Bhí Clann Hone lonnaithe sa cheantair Bhaile Átha Cliath ar feadh na blianta. Bhí go leor daoine gaolta leo a bhí mór le rá ag an am, mar shampla péintéir portráid darbh ainm Nathaniel Hone, RA (1718-1784). Tá líne leanúnach ann d'ealaíontóirí sa chlann.
Cúpla seachtaine roimh breithlá s'aici (12 bhliain d'aois), d'fhulaing sí le póilió.