Escherichia coli
Is éard is Escherichia coli ann (nó E.coli) ná speiceas baictéar slatchruthach a thaightear i gconair an díleá in ainmhithe, daoine ina measc, agus atá coiteann san ithir is gnáthóga uisciúla.[1]
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha ![]() |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Pseudomonadati |
Fíleam | Pseudomonadota |
Aicme | Gammaproteobacteria |
Ord | Enterobacterales |
Fine | Enterobacteriaceae |
Géineas | Escherichia |
Speiceas | Escherichia coli ![]() Mig., 1895 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | Bacillus coli communis ![]() |
Tá an géineas ainmnithe as Theodor Escherich, a chéad d'aimsigh E.coli.
.tif.jpg.webp)

Pataigin
Ní dhéanann an chuid is mó de na tréithchineálacha E.coli aon dochar do dhaoine, ach tá roinnt fíor-phataigineach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht bhaictéarach srl.
Is iad E.coli agus eintreacocas na stéige an dá chineál baictéar is coitianta. Orgánaigh bhídeacha is ea iad sin a mhaireann i bputóga ainmhithe teofhuilteacha – daoine, ba, madraí agus éanlaith san áireamh. Faightear iad go flúirseach san fhaecas, is é sin, cac.[2] Ionfhabhtaíonn E.coli an chonair úiríneach uaireanta.[1]
E.coli in Éirinn
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn.[3] Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.[4]
Féach freisin
- Escherichia
- Escherichia coli O104:H4
- Enterococci stéigeach
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". Dáta rochtana: 2023.
- forasnagaeilge.ie (Samhradh 2019). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2023.
- Environmental Protection Agency. "Annual Drinking Water Reports" (en). www.epa.ie. Dáta rochtana: 2023-10-21.
- Nuacht RTÉ (2023-10-20). "Bhain na mílte úsáid as uisce a bhí truaillithe ag E.coli" (as ga).