Erasmus as Rotterdam
Sagart, fealsúnaí agus daonnachaí Críostaí ba ea Erasmus as Rotterdam (a rugadh ar 27 nó 28 Deireadh Fómhair 1469 i Batavice, Rotterdam agus a d'éag ar 12 Iúil 1536 i mBasil, An Eilvéis).
Saol
Rugadh i mbochtanas é. Ghlacadh isteach i mainistir de chuid na nAgaistíneach é mar stócach. Rinneadh sagart agus níos déanaí easpag de. Chaith sé tréimhse ag déanamh staidéir i bPáras ach in ainneoin gur fhoghlaim sé neart, chuir an cruatan a d'fhulaing sé ansin isteach air. Thaistil sé ó cheann ceann na hEorpa agus chaith sé seal torthúil taitneamhach i Sasana mar ar bhuail sé le na daonnachaithe mór le rá comhaimseartha sa tír sin.
Chuir sé neart oibre fiúntach i gcló, uilig scríte i Laidin, teanga ina raibh a chumas aitheanta go forleathan. Rinne sé chuir síos agus tráchtaireacht ar a lán de na saothar clasaiceach ón seandomhan agus anuas ar sin cháin sé an Eaglais Chaitliceach agus rinne sé chuid mhaith mholta le na fadhbanna, nárbh fhéidir a shéanna, a bhí aici a réiteach.
Bhí clú agus cáil dochreidte aige thart fán Eoraip agus neart rialaitheoirí ag lorg a chomhairle. Thart faoin am seo is ea a thosaigh an Athleasú Creidimh le Martin Luther agus a thacaithe. Deirtear go raibh sé ar chumas Erasmus stop a chuir le seo agus na fadhbanna a réiteach taobh istigh den Eaglais Chaitliceach agus an deighilt a sheachaint ach de réir dealramh ní raibh sé sásta idirghabháil a dhéanamh. Níor thacaí sé le ceachtar de na dreamanna agus faoi dheireadh ní mó ná sásta a bhí chaon taobh den aighneas.
Bás
Tháinig dinnireacht ar Erasmus agus d'éag sé ar an 12 Iúil 1536 i mBasel.
Cuireadh é in Ardeaglais Basil sa bhliain 1536.
A Shaothar
- Antibarbari
- Adagiorum chiliades
- Enchiridion militis Christiani
- Μωρίας Ἐγκώμιον (Morias Encomion) sive Stultitiae Laus
- De copia verborum
- De constructione octo partium orationis
- Dialogus, Iulius exclusus e coelis
- Novum Testamentum Graece
- Institutio principis christiani
- Querela pacis
- Familiarium colloquiorum formulae
- Colloquia familiaria
- De libero arbitrio
- Hyperaspistes diatribae
- Christiani matrimonii institutio
- Paraclesis
- Methodus
- Apologia
- Ratio
- Dialogus cui titulus Ciceronianus
- De conscribendis epistolis
- De recta latini graecique sermonis pronuntiatione Textus
- De sarcienda ecclesiae concordia
- De preparatione ad mortem
- Ecclesiastes
- Epistolae
- Carmina