Eoin P. Ó Murchú
Scoláire, scríbhneoir, aistritheoir, agus gníomhaí ildánach ar son na Gaeilge is ea Eoin P. Ó Murchú. Is as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, aistritheoir ![]() |
Fostóir | Nós Tuairisc.ie ![]() |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Scríbhneoireacht
Tá go leor altanna, scéalta, agus léirmheasanna foilsithe aige i nuachtáin agus irisí Gaeilge: Tuairisc.ie[2], RTÉ[3], Comhar[4], Nós[5], agus Léann Teanga: An Reiviú[6]. Déanann sé físeáin ar YouTube agus TikTok ar bhonn rialta freisin.
Sa bhliain 2020, d'fhoilsigh Leabhar Breac Tinte na Farraige Duibhe, aistriúchán Gaeilge a rinne Ó Murchú ar úrscéal le Tim Armstrong dar teideal Air Cuan Dubh Drilseach — an chéad úrscéal ficsin eolaíochta i nGaeilge na hAlban. Ainmníodh an t-aistriúchán ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe sa bhliain 2021.[7]
Obair acadúil
Cháiligh Ó Murchú mar dhochtúir leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2013.[8] Sa bhliain 2016, bhain sé céim mháistreachta amach sa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, le tráchtas dar teideal ‘Nach do reub an cuan’ Inneall hibrideach aistriúcháin a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin chun prós cruthaitheach a aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann, faoi stiúir an Ollaimh Máire Ní Annracháin.[9] Tá sé i mbun dochtúireachta san aistriúchán liteartha faoi láthair in Ollscoil Mhaigh Nuad, faoi stiúir an Ollaimh Fionntán de Brún.[8]
Gníomhaíochtaí eile
Bhí Ó Murchú ar dhuine de bhunaitheoirí an chlub CLG Na Gaeil Óga in 2010, cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
Bhí sé ina bhall den fhoireann a d'aistrigh Gmail go Gaeilge in 2014.[10].
Sa bhliain 2013, bhunaigh Ó Murchú agus Andy Ó Faoláin GaelGÁIRÍ, oíche fhuirseoireachta Ghaeilge. Eagraítear GaelGÁIRÍ i mBaile Átha Cliath de ghnáth, ach cuirtear ar siúl é i bhféilte éagsúla timpeall na tíre freisin. Sa bhliain 2014, ghlac Ó Múrchú páirt sa gcomórtas teilifíse An Gaeilgeoir is Greannmhaire ar TG4, ag críochnú sa dara háit.
In 2022, fuair sé páirt i ndráma teilifíse Gàidhlig ar BBC Alba darb ainm An Clò Mòr.[11]
Duaiseanna
- Duais Uí Dhoibhlin agus Scoláireacht do mháistreacht san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht
- Duais de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge agus Scoláireacht do chúrsa máistreachta, COBÁC
- Bonn Óir na Gaeilge agus Buanghradam Gaeilge an Bhráthair Uí Dhúgáin, Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
- Duais Oireachtais d’Aiste Leighis[8]
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Áine Ní Dhonnaile (2022-01-26). "Agallamh quickfire – Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- Eoin P. Ó Murchú (2020). "Léirmheas: Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Duais de Bhaldraithe" (2021-08-17). Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Mic léinn taighde". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- "Cumann Léann na Litríochta". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- Éanna Ó Caollaí (2014-12-11). "Seol teachtaireacht - Gmail now available as Gaeilge". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- Ciarán Dunbar (2023-01-11). "Tar éis dom a bheith ar YouTube, is réalta teilifíse anois mé". Dáta rochtana: 2023-04-21.