Eochagán mac Aodha
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Eochagán mac Aodha (Sean-Ghaeilge Eochocán mac Áedo) (bás 883). Eochaidh mac Fiachna (bás 810), iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 882 go dtí 883.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 883 |
Liosta Ríthe Uladh | |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Muireadhach mac Eochagáin, Aodh mac Eochagáin |
Fuair a athair, Aodh mac Eachadha, bás sa bhliain 839. Sa bhliain 882, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Ainbhith mac Aodha, mar leath-rí na nUlad lena dheartháir eile, Áireamhón mac Aodha (bás 886). Maraíodh Eochagán an bhliain dár gcionn, ámh, ag mic Ainbhith.[4]
Bhí sé pósta le Inderb, iníon Mhaoil Dúin mhic Aodha, rí Ailigh de Chineál Eoghain. Ríthe Ulad fosta ba ea a mhic, Muireadhach (bás 895) agus Aodh (bás 919).
Féach freisin
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Annála Inis Faithlinn, G100004
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Byrne, Tábla 6
- Charles-Edwards, Aguisín XXI
- Tugadh réimeas 1 bhliain dó sa Leabhar Laighneach
- AU 883.6
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.