Eochaidh mac Domhanghairt
Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban de Chineál Ghabhráin ba ea Eochaidh mac Domhanghairt (Meán-Ghaeilge Eochaid mac Domangairt) (bás c. 697). Bhí sé i gcoróin timpeall na bliana 697. Domangart mac Domnaill ba ea a athair agus Eochaidh a mhac. B'fhéidir é go raibh Alpín mac Eochaidh a gharmhac.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 697 |
Ríthe Dhál Riada | |
697 – 697 ← Fearchar Fada – Ainfhaichilleach mac Fearchair → ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc ![]() |
Teaghlach | |
Páiste | Ailpín I, Eochaidh mac Eochach, Drest VII ![]() |
Athair | Domhanghart mac Domhnaill |
Feictear é i rí-liostaí Dhál Riada, sa Duan Albanach agus na Sioncronachtaí le Flann Mainistreach. Glaoitear Eochaidh Riannamail air i roinnt foinsí, ach creidtear anois gur míléamh é seo ar Fhianamhail ó Dúnchadha.
Tuairiscítear bás 'Eoch[ach] nepos Domnaill [Bhric]' i nAnnála Uladh don bhliain 697, maraithe ag Fiannamail.[1][2]
Foinsí
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Annála Uladh, AU 697.4
- Maney, Laurance. "Erratum for Volume 20/21 of the "Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium"". Source: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Vol. 22 (2002), pp. 264-269. Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.