Eochaidh mac Domhnaill
Ard-Rí na hÉireann de réir roinnt ríliostaí ba ea Eochaidh mac Domhnaill (Sean-Ghaeilge Eochaid mac Domnaill), freisin Eochaidh Fionn (Eochaid Find) (bás 572). Domhnall Ilchealgach (bás 566) ba ea a athair agus Muircheartach mac Muireadaigh (bás 534) a sheanathair, a mheastar fosta gur Ard-Ríthe iad.[1] Ba bhall de Chineál Eoghain Uí Néill. Bhí sé i gcoróin i nAileach ón mbliain 565 go dtí 571.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 571 (Féilire Ghréagóra) |
Ardrí na hÉireann | |
569 – 572 ← Ainmuire mac Sétnai – Báetán mac Ninnedo → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Cineál Eoghain |
Athair | Domhnall mac Muircheartaigh |
Siblín | Colga mac Domhnaill |
Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann rotated idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill i ndeireadh na 6ú haoise.[3] Tháinig Eochaidh i gcoróin mar chomhrí lena huncail Baotán mac Muircheartaigh (bás 572) ón mbliain 569.[4] Chuir na ríliostaí Meán-Ghaeilge a réimeas as áit, níos luaite ná na hannála.[5] Fágtar ar lár iad as na ríliosta is luaite, Buile Choinn, dán ó dheireadh na 7ú haoise. D'fhéadfadh é gurbh é Baotán mac Cairill (bás 581), rí Ulad, an fíor-Ard-Rí ag an am.[6]
Sa bhliain 572, cloíodh agus maraíodh an bheirt ríthe ag Crónán mac Tiarnaigh, rí Chiannachta Ghleann Gheimhin (Contae Dhoire an lae inniu).[7][8]
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Tagairtí
- T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
- Tugtar réimeas sé bliana dó i Sioncronachtaí Laud
- Charles-Edwards, ll. 494-495
- Tugtar réimeas trí bliana dóibh sa Leabhar Laighneach, agus bliain amháin i Sioncronachtaí Laud.
- Charles-Edwards, ll. 484-487
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 114
- Annála Uladh, AU 572.1
- Annála Tiarnaigh, AT 571.1
Réamhtheachtaí Domnall mac Muirchertaig Forggus mac Muirchertaig |
Ard-Rí na hÉireann 562-563 |
Comharba Ainmuire mac Sétnai |