Eleanor Hull
Scoláire mór Gaeilge ba ea Eleanor Henrietta Hull (15 Eanáir 1860 – 13 Eanáir 1935), nó Eibhlín Ní Choill.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Eanáir 1860 Contae an Dúin, Northern Ireland |
Bás | 13 Eanáir 1935 74 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Alexandra |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, aistritheoir, iriseoir, scoláire |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Edward Hull |
Rugadh í ar 15 Eanáir 1860. Ba é an geolaí Edward Hull a hathair agus ba í Mary Catherine Henrietta Cooke, iníon dochtúra as Cheltenham i Sasana, a máthair. I Manchain a rugadh Eleanor ach chaith sí blianta tosaigh a saoil i mBaile Átha Cliath. Bhí ainm an cheoil uirthi agus í óg.
I gColáiste Alexandra agus i gColáiste Ríoga na hEolaíochta a fuair sí oideachas, agus d’fhreastail sí ar chúrsa Sean-Ghaeilge i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i 1909. D’fhoghlaim sí Gaeilge ó Staindis Mac an Aodhaigh Ó Gráda agus rinne staidéar ar an léann Ceilteach faoi threoir Kuno Meyer, Holger Pedersen agus Robin Flower. Bhí an-suim aici sa litríocht agus i gcultúir iasachta. I Londain bhí sí ina huachtarán ar Chumann Liteartha na hÉireann, ina rúnaí ag an gCumann Ríoga Áiseach agus ina ball de chomhairle an Chumainn Bhéaloidis.
Scríobh sí a lán leabhar. Chuir sí Lives of the Celtic Saints in eagar agus scríobhadh don Celtic Review, don Literary World agus Folklore Journal. Rinneadh sí léirmheastóireacht do The Times.
Bhí sí ar bhunaitheoirí Chumann na Scríbheann Gaeilge i 1896, agus tar éis a báis rinne Robin Flower tagairt dá dúthracht – “her disinterested enthusiasm, ceaseless industry, and gracious and tactful gift in negotiation”.
Fuair sí bás i Londain ar 13 Eanáir 1935.
Liosta leabhar
- Folklore of the British Isles. Methuen & Co. 1928.
Tagairtí
- Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “HULL, Eleanor (1860–1935) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.