Eifinn

Is paróiste suite i gContae Luimnigh é Eifinn.[1] Tá timpeall 1,441 duine (2006) ina gcónaí ann. Tá Eifinn suite sa Machaire Méith na Mumhan, idir Cill Mocheallóg agus Ráth Luirc. Tá sé ar an bóthair R515.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilEifinn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52.3647°N 8.6481°W / 52.3647; -8.6481
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1414039

Stair

Daonra
BliainDaonra±%
19491,270
19511,190−6.3%
19561,111−6.6%
19611,022−8.0%
20061,441+41.0%

Tá Eifinn ainmnithe as Naomh Eimhin. Tá cailís airgead atá fós in úsáid leis an inscríbhinn: Aegidius Hiffernane et Eleanora Gibbon et Cornelius Hiffernane Aegidii filius me fieri fecurunt 1633.

Eaglaisí

Nuair a bhí Eifinn aontaithe le Cill Bhríde agus Cill Chuáin, bhí dhá séipéal sa pharóiste: séipéal amháin in Eifinn agus séipéal eile i gCill Bhríde. Bhí an tséipéal i gCill Bhríde i bhfothrach ag an deireadh na 1830idí. Níl ach balla amháin fágtha anois.

Bhí séipéal i gCill Chuáin, Séipéal gaineamhchloch donn a bhí sé ag bun Cnoc an Chathair. Cúpla bliain roimh a dhún sé bhí 600 daoine ag dul ar Aifreann ann.

Tógadh an tAthair David Nagle an eaglais reatha sa bhliain 1835-6. Nuair a fuair sé bás sa bhliain 1847, bhí sé curtha ann. Bhí an eaglais athchóirithe sa bhliain 1981. Tá 11 tsagairt curtha lasmuigh an eaglais. Tá eaglais eile suite i nGarraí na Deirce a tógadh sna 19ú haois.

Bhí eaglais eile suite sa pharóiste. Bhí sé imithe sa bhliain 1840.

Reiligí

Tá trí reilig in Eifinn: Eifinn, Cill Chuáin agus Cill Bhríde. Tá reilig eile gan ainm in Eifinn. Tá reilig timpeall an tseaneaglais in Eifinn. D'oscail an chuid nua sna 1960idí agus d'oscail an chuid nua nua tar éis seo. Tá timpeall 440 uaigheanna ann. téann uaigh amháin siar go dtí na 1600í.

Tá ballaí timpeall an reilig i gCill Bhríde. Tá sé timpeall an tseaneaglais i gCill Chuáin. Is reilig gorta é. Tá uaigh amháin lasmuigh an reilig. Bhí an deireadh duine curtha ann sna 1950idí. Tá sé foircthe le fiailí agus crainn anois.

Sa bhliain 2015 thosaigh muintir na háit ag déanamh doiciméid ar na reiligí.

Toibreacha

Tá tobar suite i mBaile Mhic Sheáin Bhuí ag bun An Sliabh Riabhach. Tobar Rí an Domhnaigh an t-ainm a bhí air. Tá naoi toibreacha níos lú timpeall an tobar seo. Tá Tobar a' Chrann suite i nGort an Chrainn. Tá Tobar Naomh Bride suite i gCill Bhríde. Tá tobar eile suite i Tobar Nai.

Uachtarlann

Tá an t-uachtarlann suite i bPáirc Nua.

Muintir na Tíre

Bunaíodh tAthair James Moloney Muintir na Tíre in Eifinn sa bhliain 1949.

Halla Canon Hayes

Tógadh na muintir na hEifinn an halla sna 1950í. Ar a 50ú cuimhneachán bhí stair na halla foilsithe i bhfoirm leabhar.

Oifig an phoist

Tá an oifig an phoist dúnta anois.

Muileann

Tá muileann folamh in Eifinn.

Daoine

  • John C. O'Riordan, easpag i tSiarra Leon
  • Tim Hannan
  • Nioclás Mac Uaid, iománaí
  • Conor O'Donovan, iománaí
  • Jimmy 'Tommy' Power, file, grianghrafadóir
  • Tommy Quaid, iománaí
  • Ned Rea, iománaí
  • Bráthair Stephen Russell, file

Bailte Fearainn

#Ainm as GaeilgeAinm as Béarla
1Baile an BhaoillighBrickfield
2Baile an CharrúnaighBallincaroona
3Baile an ChiochtaighBallyhaught
4Baile an ChollaighBallincolly
5Baile Mhic Sheáin BhuíBallymacshaneboy
6Baile na nGallBallinagoul
7Baile ShéamaisJamestown
8Baile SheoinicínBallyshonakin
9Baile Sheoin de HaeBallyshanedehey
10Baile ThomáisThomastown
11Baile Uí BhuadáinBallyvoodane
12Cill BhrídeKilbreedy
13Cill ChuáinKilquane
14Cluain LeogCloonlogue
15Cnoc an tSoipéalaighMountblakeney
16An CoimínCommons
17EifinnEffin
18Eifinn ÍochtarachEffin Lower
19An Garrán CaochGarranekeagh
20Garraí an Chuanaigh TheasGarriencoonagh South
21Garraí an Chuanaigh ThuaidhGarriencoonagh North
22Garraí na Deirce TheasGarrienderk South
23Garraí na Deirce ThuaidhGarrienderk North
24Gort an ChrainnGortnacrank
25Gráig AnstairGraiganster
26An LiagánLegane
27An Pháirc NuaNewpark
28Tobar NaíTobernea
29Tobar Naí LárTobernea Middle
30Tobar Naí ThiarTobernea West
31Tobar Naí ThoirTobernea East
32Maiden Hall

Oideachas

Bunscoil

D'oscail an bhunscoil nua Scoil Náisiúnta Mhuire sa bhliain 1940. Tá timpeall 150 daltaí ag freastal ann. Is í Anne-Maria Murphy an príomhoide reatha.

Spórt

Iománaíocht

Tá club CLG in Eifinn CLG Eithbhinn ó 1887. Ní imríonn an club ach iománaíocht amháin. Níl nasc ar leith acu le haon chlub eile i gcomhair na peile.

Tá Eithbhinn nasctha le blianta faoin ainm Gaeil Cois Sléibhe le Stáicéirí de Bhailís i gcomórtais na n-óg. Bhí a lán imreoirí cáiliúla ag imirt leis an club seo:

Péil

Bhí foireann peile shóisearach B ag Eithbhinn i lár na 1990í ach d'éirigh an club as i ndiaidh bliain nó dhó. Imríonn formhór pheileadóirí an pharóiste le Stáicéirí de Bhailís, le Cill Mocheallóg, le Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean nó le An Charraig Dhubh.

Badmantan

Tá club badmantan ag Eifinn. Bhí sé bunaithe sna 1970idí.

Eifinn i gcultúr an phobail

  • Rinne dalta sa 6ú rang Scoil Náisiúnta Mhuire cuma ar Satarn, clár a bhí ar RTÉ a Dó, mar tá an t-ainm Eifinn 'aisteach'.

Tagairtí

  1. Eifinn/Effin | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.