Edmund Burke
Scríbhneoir Éireannach, fealsamh agus parlaiminteoir Sasanach ab ea Edmund Burke nó Éamonn de Búrca, a rugadh sa bhliain 1729 i mBaile Átha Cliath. Fear ildánach sa chiall chlasaiceach agus smaointeoir de dhlúth ba ea an Búrcach.[1]
Fealsúnacht

Ba mhór tionchar teoiric an Novus Homo de chuid Cicearó ar Burke agus é i mbun feisireachta i Londain, teoiric a leag béim ar leith ar theilgean phearsantacht mhacánta an chainteora san earnáil mhórálach phoiblí.[2]
Saol

D'fhreastail an Búrcach ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ó 1744 go 1748.
Bhogadh sé go Londain sa bhliain 1750. Ba bhall Fuig de Pharlaimint Westminster é ó 1765 ar aghaidh.
Bhí Burke an-láidir ina chuid coimeádachais. Mar shampla, thosaigh Réabhlóid na Fraince sna 1780idí agus sheas Burke an fód go láidir ina éadan ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
Fuair an Búrcach bás le hailse goile (pianmhar agus míshuaimhneach ag an am) sa bhliain 1797 i mBeaconsfield, Sasana.
Tagairtí
- Liam Ó Muirthile (Cois Life 2014). "Rogha alt" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-09. Dáta rochtana: 2019-07-09.
- "Edmund Burke an Aithisc" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-07-09.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |