Edmund Barton
Ba dhlíodóir agus pholaiteoir é An Ridire Edmund "Toby" Barton (18 Eanáir 1849 - 7 Eanáir 1920. B'eisean an ceann feadhna ar an bhfeachtas ar son An Chónasctha agus an chéad Phríomh-Aire ar an Astráil. Toghadh sa bhliain 1901 é, ach d'éirigh sé as an bpost sa bhliain 1903. Bhí sé ansin ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt na hAstráile ó bunaíodh sa bhliain 1903 í go dtí gur cailleadh é.[1]


Saol
Rugadh "Toby" Barton ar 18 Eanáir 1849 in Glebe, Sydney, New South Wales.
Céimí de chuid Ollscoil Sydney (BA 1868 MA 1870), bhí sé ina abhcóide agus
- ina chomhalta de Thionól Reachtach na Breataine Bige Theas Nua (1879-87, 1891-94 agus 1898-1900,
- ina Cheann Comhairle air idir 1883 agus 1887) agus
- de Chomhairle Reachtach na Breataine Bige Theas Nua (1887-91 agus 1897-98),
- ina Ard-Aighne ar an mBreatain Bheag Theas Nua (1889 agus 1891-93) agus
- ina Cheannaire ar an bhFreasúra sa stát (1898-99).

Bhí Barton ina thoscaire de chuid na Comhdhála Astraláisí Náisiúnta (1891) agus de chuid Chomhdháil Chónaidhmeach na hAstraláise (1897-98). Glacadh go forleathan gurbh é an ceannaire polaitíochta ba thábhachtaí san fheachtas ar son An Chónasctha.
Idir 1901 agus 1903 bhí Barton ina Phríomh-Aire ar an Astráil, ina Aire Gnóthaí Seachtracha agus ina Fheisire thar ceann Hunter.
Breitheamh
Bhí Barton i measc na gcéad bhreithiúna a ceapadh ar an Ard-Chúirt. Mar bhall den chúirt bhí sé faoi scáil an Phríomh-Bhreithimh, An Ridire Samuel Griffith, agus go pointe áirithe An Bhreithimh Ruairí Uí Chonchúir (go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1912.).
Faoin am a ndeachaigh Griffith ar scor, sa bhliain 1919, bhí a sheans féin ag Barton a bheith ina Phríomh-Bhreitheamh imithe.
Tagairtí
- Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Edmund Barton" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-18.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |