Edith Cavell
Rugadh Edith Louisa Cavell an 4 Nollaig 1865 in Swardeston, Norfolk Shasana agus chuir scuad lámhaigh chun báis í an 12 Deireadh Fómhair 1915 sa Bhruiséil. Banaltra Shasanach a bhí inti, a chabhraigh le breis is 200 príosúnaigh cogaidh, ó Shasana, ón bhFrainc agus ón mBeilg, éalú go dtí an Ísiltír neodrach. Ghabh na Gearmánaigh an 5 Deireadh Fómhair 1915 í, agus dhaor chun báis í mar spíodóir agus as "coir a dhein dochar d'fhórsaí armtha na Gearmáine" ("Verbrechens zum Schaden für die deutschen Streitkräfte“).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Edith Louisa Cavell 4 Nollaig 1865 Swardeston, England |
Bás | 12 Deireadh Fómhair 1915 49 bliana d'aois Schaerbeek, An Bheilg |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Ard-Eaglais Norwich |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Norwich High School for Girls (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | altra, mátrún, máistreás |
Fostóir | Ospidéal Ríoga Londan Ospidéal St. Leonard International Red Cross and Red Crescent Movement (en) |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Ardú | |
Lá féile | 12 Deireadh Fómhair |
Eile | |
Ciontaíodh i | Tréas (1915) |
Suíomh gréasáin | edithcavell.org.uk |
Bhí tionchar ag a bás ar Éirinn: cáineadh na Gearmánaigh chomh mór sin i Sasana, as bean a chur chun báis, gur dheacair dóibh féin an Chúntaois Constance Markiewicz a chur chun báis as a páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, sé mhí tar éis bhás Edith Cavell.