Echtra Cormaic

Seanscéal i miotaseolaíocht na nGael is ea Eachtra Cormaic i dTír Tairngire (Meán-Ghaeilge Echtra Cormaic i Tir Tairngiri) ina insítear turas Ardrí na hÉireann, Cormac mac Airt, chuig Tír na nÓg, agus dia na mara Manannán mac Lir ina chónaí ann.

Manannán mac Lir, dealbh le John Sutton ag Gort Mór, Aird Mhic Giollagáin, Contae Dhoire (2014).[1]

Texts

Tá naoi lámhscríbhinn páipéir den scéal atá ar marthain, agus an ceann is óige ón mbliain 1699.[2][3]

San eagrán le Whitley Stokes, tá ann mar lán-teideal (Scel na Fir Flatha,) Echtra Cormaic i Tir Tairngiri ocus Ceart Claidib Cormaic. Tógadh Leabhar Bhaile an Mhóta mar bhunleagan, le sheachtracha as Leabhar Buí Leacáin.[4] Níl ach pas beag difríochtaí ann idir na leaganacha, le chéile an chéad athleagan, a scríobhadh idir na blianta 1150–1200 bunaithe ar fhianaise teangeolaíochta. Meastar go raibh leagan níos luaite ann mar bhuntéacs.[5][3]

D'eagraigh Vernam Hall dara hathleagan as Leabhar Fhear Maí.[6][3] Rinne Eoghan Ó Comhraí aistriúchán as shliocht den athleagan seo.[7]

San eagrán le Standish H. O'Grady, tugtar don scéal an teideal Fagháil Chraoibhe Cormaic,[8] edited by .[9] Seo an tríú hatheagrán as Meán-Ghaeilge déanach. Ní fios cén lámhscríbhinn a bhain Ó Grádaigh leas as.

D'fhoilsigh Joseph Jacobs coimre d'aistriúchán Uí Ghrádaigh i ndíolaim dá chuid.[10] Rinne Lady Gregory ag insint den scéal ina leabhar, Gods and Fighting Men, Táin teideal His Three Calls to Cormac.[11]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Manannán Mac Lir, Derry Journal, 26ú Meitheamh 2015.
  2. Hull, 1949, lch. 871
  3. Hull, 1949, lch. 871
  4. Hull, 1949, ll. 871–883
  5. O'Grady, 1857, eag. Faghail Craoibhe Chormaic mhic Airt, ll. 212–229
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.