Eoghan mac Néill
Bunaitheoir eapainmneach Chineál Eoghain de chuid Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Eoghan mac Néill (Sean-Ghaeilge Eógan mac Néill) (bás c. 465[1]). Niall Naoighiallach ba ea a athair, a maíodh.[2] Bhunaigh Cineál Eoghain ríocht Ailigh agus níos deireanaí Tír Eoghain. Deirtear go bhfuil a uaigh ar Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 465 |
Rí | |
Rí Ailigh | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Muireadhach mac Eoghain, Eochaid 'Binnigh' (?), Fearghas |
Athair | Niall Noígíallach |
Siblín | Conall Cremthainne, Conall Gulbán, Lóegaire mac Néill, Coirpre mac Néill agus Fiachu mac Néill |
Beatha
Maítear gur dlúthchara é Eoghan le Naomh Pádraig agus go bhfuair sé beannacht Phádraig.[3] Lena dheartháir, Ardrí na hÉireann, Laoghaire mac Néill (bás 462), bhí sé ina bhreitheamh in aighneas chomharbachta idir mic Amhalaí (bás 440), rí na gConnacht.[4]
Deirtear gur adhlacadh Eoghan i gCill Naomh Pádraig, Uisce Chaoin, Inis Eoghain. Faightear plaic ann a deir (as Béarla):
- "Eoghan Prince of Iniseoghain, Son of Niall of the Nine Hostages. Died 465 of grief for his brother Conall [Gulban]. Baptised by Patrick and buried in Uisce Chaoin".
I measc a mhac, bhí a leanas:[5]
- Muireadhach
- Fearghas, bunaitheoir Cineál Fhearghasa (Cenél Fergusa)
- Aonghas, bunaitheoir Cineál (Cenél Áengusa).
Foinsí
- Annála Uladh
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings, 2001, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe.
Tagairtí
- Gach dáta per McCarthy, Daniel P. (1998). "The Chronology of the Irish Annals" P-ARÉ 98 C.
- Ginealaigh Laud 610 (Oxford, Bodleian Library MS. Laud 610, fo. 75a 1, 15ú haois) ina thugtar seacht gclann Chineál Eoghain.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
- The Laud Genealogies and Tribal Histories, lch. 293, ar Corpus of Electronic Texts
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.