Duine
Is speiceas príomhach atá sa duine nó duine daonna (ainm déthéarmach Homo sapiens). Homainid atá ann.
Homo sapiens | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Modh gluaiseachta | déchosachas agus ceathairchosachas |
Tréimhse iompair | 280 laethanta |
Is foinse é an tacsón seo de | bainne cíche, craiceann daonna, gruaig chinn, human hair (en) agus human organ (en) |
Tréimhse saoil is faide | 122.449 bliain |
Meánlíon in ál | 9, 1 agus 2 |
Tréimhse ama | |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Primates |
Fine | Hominidae |
Géineas | Homo |
Speiceas | Homo sapiens Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Seasann daoine cruinn díreach, i riocht is go bhfuil na lámha saor le ruda a láimhsiú. Tá inchinn an-fhorbartha acu agus mar sin tá réasún teibí, caint, agus inbhreithniú acu.
Is de thréithe iompraíochta na ndaoine go n-úsáideann siad teanga, go n-eagraítear i sochaithe aimhréiteacha iad, agus go bhforbraíonn siad teicneolaíocht. Maireann daoine i gcultúir gan chuntas lena lán creidimh, miotais, deasghnátha, luachanna, agus noirm shóisialta.
Tugann a nádúr fiosrach agus inbhreathnitheach ar dhaoine iarraidh a thabhairt ar a gcomhfhios a míniú, agus tionscnaíonn sé téarmaí idir ábharaíocha agus spioradálta le cur síos ar an toisc dhaonna. Dar leis an chéad dearcadh, atá onteolaíoch nó meitifisiciúil, nach bhfuil aon réaltacht ann ach amháin an ceann fisiciúil nó ábhartha. Cuireann an dara dearcadh treis ar taobh spioradálta nó neamhfhisiciúil sa bheatha, agus cuireann sé san áireamh uaireanta creideamh i nDia nó i ndéithe éagsúla agus creideamh go bhfuil anam ag daoine ach níl ag ainmhithe eile, idir creidimh eile. Is é an féinmhachnamh seo bun na fealsúnachta agus tá sé i gcáipéisí stairiúla ó thosach aimsire.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |