Duan Albanach
Dán Meán-Ghaeilge is ea an Duan Albanach, scríofa agus Mael Coluim III i gcoróin. Leanann sé ar an Duan Éireannach, a insíonn stair níos luaite na nGael.
Faightear an dán mar chuid den Lebor Bretnach, leagan Gaeilge den Historia Brittonum le Nennius, le tuilleadh ábhair go bhformhór i dtaobh na hAlban. Caomhnaítear é i bhfoinsí Gaelacha éagsúla, ach is as Leabhar Mór Leacáin agus Leabhar Uí Mhaine an leagan is coitianta.
Is dán molta le 27 rann, a chantaí sa chúirt le tionlacan cláirsigh. Agus é á chasadh os comhair an phobail, a is dócha é go nglacfadh an lucht féachana páirt sa léiriú.
Insíonn an Duan rithe na hAlban of the Scots ó theacht an sinsear eapainmneach, Albanus. Tosaíonn agus críochnaíonn an dán leis na rannta a leanas. Sna ranna deiridh, is léir go dtéann an dán siar go dtí aimsir Mhaoil Choilm III, sa dara leath na 11ú haoise.
Meán-Ghaeilge | NuaGhaeilge |
---|---|
A eolcha Alban uile, | A eolaithe Alban uile, |
a shluagh feuta[1] foltbhuidhe | A shlua chróga fholtbhuí |
cia ceud ghabhail, an eól duíbh, | Cé céad ghabháil, an eol daoibh |
ro ghabhasdair Albanruigh ? | a ghabh Alban-ríocht ? |
Albanus ro ghabh, lia a shlógh, | Albanus do ghabh, is lia a shluaite |
mac sen oirdérc Isicon, | Mac illustrious son of Isacon, |
brathair is Briutus gan brath, | Bráthair is Brutus gan brath, |
ó ráitear Alba eathrach. | Óna ghlaoitear Alba eathar[2] |
Se bliadhna Donnchaid glain gaoith | Sé bliana Donnchaidh ghlanghaoise wise, |
xuii bliadhna mac Fionnlaoich, | Seacht mbliana déag mac Fionnlaoich; |
tar és Mec Beathaidh go m-blaidh, | Tar éis Mhic Bheatha bhladha,[3] |
uii mís i f-flaithios Lughlaigh. | Seacht mí i bhflaitheas Lughlaigh |
Maolcholuim anosa as rí, | Maol Coilm anois an rí, |
mac Donnchaidh dhata dhrechbhi, | Mac Donnchaidh dhaite, dhreachbheo |
a ré nocha n-[4]fidir neach, | A ré i féidir neach |
acht an t-eólach as éolach. A eolcha... | Ach eolaí na n-eolaithe. A eolaithe... |
Féach freisin
- The Prophecy of Berchán
- Pictish Chronicle
- Chronicle of the Kings of Alba
- Seanchas Fear Alban
- Flann Mainistreach
Naisc sheachtracha
- Duan Albanach ar CELT
- Duan Albanach, aistriúchán Béarla le William F. Skene
- The Albanic Duan ar Electric Scotland