Drugaí frithbhaoth-thonnán
Is éard atá i gceist le drugaí frithbhaoth-thonnán (Béarlaː anticonvulsants) ná drugaí chun an titimeas a shrianadh. Is frithbhaoth-thonnach na suaimhneasáin uile má úsáidtear dáileog mhór, ach tá drugaí ar leith níos fearr chuige, mar atá féineabarbatón, féineatóin, valpróáit sóidiam, is clónaiseapam.
Cineál | cógas agus central nervous system agent (en) |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0159135 |
eMedicine | 1187334 |
MeSH | D000927 |
UMLS CUI | C0003286 agus C0003299 |
Stair
Ba é bróimíd photaisiam an chéad druga frith-thitimis a úsáideadh. An lia Sasanach Charles Locock (1799-1875) a thug isteach í i 1857, ar an tuiscint gur chuir sí srian ar libídeo (mheastaí ag an am go raibh baint idir titimeas is gníomhú gnéasach). An chéad dul chun cinn suntasach ab ea tabhairt isteach an fhéineabarbatóin sa Ghearmáin i 1912.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Drugaí frithbhaoth-thonnán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.