Druga
Is éard is druga ann ná substaint cheimiceach nó bhithcheimiceach, shaorga nó nádúrtha, agus í in ann tionchar a imirt ar an dóigh a mbíonn an t-orgánach ag obair, má ghlactar isteach sa cholainn é. De réir an tsainmhínithe seo, is féidir dearcadh ar an mbia féin mar dhruga, ach sa ghnáthchaint, tá ciall níos cúinge leis an téarma, agus is é an cineál substaintí a bhíonn i gceist ansin ná cógais, vitimíní, agus drugaí mídhleathacha cosúil le heacstais, cócaon, marachuan, amfataimín agus eile.
Sanasaíocht agus scóip
Is focal iasachta é "druga" ón mBéarla "drug". Eascraíonn an focal Béarla "drug" ón bhfocal Ollainise "droog". An bhrí atá le "droog" ná "tirim". San am atá thart bhíodh an chuid is mó de drugaí déanta as plandaí triomaithe.
Ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé acu bia nó druga atá i gceist - cuir i gcás caife, fíon agus beoir, mar shampla. De ghnáth, is é an difríocht idir drugaí agus bithcheimiceáin inginiúla (is é sin, substaintí bithcheimiceacha de dhéantús na colainne féin) ná go dtagann na drugaí isteach ón taobh amuigh. Níl an difríocht seo soiléir ach an oiread, áfach. Is hormón í an inslin, ó tháirgtear go nádúrtha i bpaincréas an duine í, ach san am céanna, is druga í freisin, ó thugtar inslin shintéiseach ón taobh amuigh dóibh siúd a bhfuil an diaibéiteas ag luí orthu.
Cógas
Is éard atá i gceist le cógas, cógas leighis, nó leigheas (Béarlaː medication) ná ábhar a ghlactar chun galar nó tinneas a leigheas de ghnáth.[1]
Drugaí "aeraíochta" nó mídhleathacha
Tá neart conspóide faoi úsáid drugaí "aeraíochta" (nó drugaí áineasa), mídhleathach in Éirinn de ghnáth. Tá srianta agus rialaithe curtha orthu ag rialtais ar fud an domhain chun an troid i gcoinne mí-úsáid drugaí a láidriú.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- An Roinn Sláinte agus Leanaí (Poblacht na hÉireann) - Drugaí agus Cógais ar Oideas - Eolas Curtha i gcartlann 2007-09-28 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
- An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe, agus Gaeltachta (Poblacht na hÉireann) - Comhordú na Straitéise Náisiúnta ar Dhrugaí Curtha i gcartlann 2007-07-01 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
- Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí (Tuaisceart na hÉireann) - Úsáid drugaí agus iompraíocht bhaoil i measc úsáideoirí atá ag instealladh drugaí - Tuairisc Curtha i gcartlann 2007-09-27 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
Tagairtí
- ""cógas leighis"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-04-29.