Dora Sigerson Shorter
B'fhile agus dealbhóir Éireannach í Dora Maria Sigerson Shorter (16 Lúnasa 1866 – 6 Eanáir 1918) [1] a scríobh faoin ainm Dora Sigerson Shorter tar éis a bheith pósta sa bhliain 1895.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Lúnasa 1866 Baile Átha Cliath |
Bás | 6 Eanáir 1918 51 bliana d'aois Londain, England |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, dealbhóir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Clement King Shorter |
Athair | George Sigerson agus Hester Varian |
Saol
Rugadh í i mBaile Átha Cliath, Éire. Is é Seóirse Sigerson, máinlia agus scríbhneoir, a athair agus is í Hester Varian, scríbhneoir eile, a máthair. Bhí ceathrar sa chlann agus ba ise an duine is sine.[2] D'úsáidtí a teach teaghlaigh, 3 Sráid an Chláraigh, mar áit chruinnithe d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí, áit ar bhuail Dora le daoine tábhachtacha le linn na hathbheochana liteartha Gaeilge a bhí ag teacht chun cinn ag an am. D’fhreastail sí ar Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath, áit a raibh WB Yeats ina comhscoláire.[3] Ba phearsa lárnach í le hAthbheochan Liteartha na hÉireann, agus is iomaí cnuasach filíochta a d’fhoilsigh sí ó 1893 i leith. Scríbhneoir ab ea a deirfiúr Hester Sigerson Piatt freisin. I measc a cairde bhí scríbhneoirí agus filí, Katharine Tynan, Rose Kavanagh agus Alice Furlong.[4]
Sa bhliain 1895 phós sí Clement King Shorter, iriseoir Sasanach agus léirmheastóir liteartha. Bhí cónaí orthu le chéile i Londain, go dtí gur bhásaigh sí nuair a bhí sí 51 d'aois de bharr cúiseanna nár nochtadh.[5] Scríobh a cara Katharine Tynan i sceitse beathaisnéise gur ‘briseadh croí a thug an bás’ mar gheall ar bhásuithe 1916.[6]
Rogha Foilseacháin
- The Fairy Changeling and Other Poems Londain & Nua-Eabhrac: John Lane 1897.
- The Story and Song of Black Roderick Londain: Alexander Moring 1906.
- The Collected Poems of Dora Sigerson Shorter; le réamhrá ó George Meredith. Londain: Hodder & Stoughton, 1907.
- New Poems. Baile Átha Cliath & Londain: Maunsel, 1912 (3ú eagrán., 1921).
- Madge Linsey, and other poems. Baile Átha Cliath & Londain: Maunsel, 1913.
Tagairtí
- "Dora Sigerson Shorter - Poems by the Famous Poet - All Poetry". allpoetry.com. Dáta rochtana: 2022-07-18.
- "Dora Sigerson Shorter". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2022-07-18.
- "House Life : Space, Place and Family in Europe" (1999). Bloomsbury Academic. doi: .
- Curran, Constantine Peter. (1970). "Under the receding wave : period photos". Gill & Macmillan. OCLC 1017325407.
- Aylward Shorter; Maggie Price Taylor (2003). "The Shorter family : England, America, and Africa in the history of a family". Bowie, Md.: Heritage Books. OCLC 52099831.
- "Dora Sigerson Shorter". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2022-07-18.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |