Diarmaid mac Maoil na mBó

Rí Laighean agus Ardrí na hÉireann (go bhfreasúra[1]) ba ea Diarmaid mac Maoil na mBó (Meán-Ghaeilge Diarmait mac Máel na mBó, nó Diarmait mac Maíl na mBó) (bás 7ú Feabhra 1072).[2][3] Ar dhuine desna ríthe is tábhachtaí agus suntasaí ba ea é in Éirinn roimh theacht na Normannach. Bhí tionchar aige thar lear sna hInse Ghall, Oileán Mhanainn, an Bhreatain, agus chomh fada le Sasana fiú.

Infotaula de personaDiarmaid mac Maoil na mBó
Beathaisnéis
BreithFearna Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Feabhra 1072 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDearbforgail (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMurchad mac Diarmata, Énna mac Diarmata Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonnchad mac Diarmata, 'Máel na mBó'  agus Aife (en) Aistrigh

Uí Chinnsealaigh

Uí Chinnsealaigh ba ea muintir Dhiarmada, as oirdheisceart na Laigean thart ar Fearna. Donnchadh mac Diarmada ba ea a athair, aitheanta faoina bhua-ainm, Maol na mBó, agus dá bharr ainm athartha Dhiarmada. Crimthann mac Énnai, rí Laigean a fuair bás ag deireadh na 5ú haoise, ba ea luath-shinsear Dhiarmada, agus ríthe Uí Chinnsealaigh a shinsir ar na mallaibh, amhail a shin-seanathair, Domhnall mac Ceallaigh (bás 974). Aoife ní Ghiolla Phádraig mhic Dhonnchadha, rí Osraí ba ea a mháthair. Bhí ar a laghad duine eile sa chlann leis, deartháir darbh ainm Domhnall, a raibh a mac, Donnchadh mac Domhnaill Ramhar níos deireanaí ina rí na Laighean.[4]

Bhí ról lárnach ag Uí Chinnsealaigh in earlier times, ach briseadh a gcuid cumhachta ag Cath Átha Seanaigh sa bhliain 738. Bhí a gcéilí comhraic, Uí Dhúnlainge, suite i dtuaisceart na Laigean thart ar an Nás agus Cill Dara, i gceannas sa Laighean le tacú Chlann Cholmáin ríthe na Mí, as sin amach go dtí teacht chun cinn Bhriain Bóramha. Le meath chumhacht Chlann Cholmáin, agus cliseadh Uí Dúnlainge faoi cheannas Mhaoil Mhórdha mhic Mhurchadha ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, athraíodh an tírdhreach polaitiúil arís ar son Uí Chinnsealaigh.[5][6]

Bailte Lochlannach

Nuair a tháinig na Lochlannaigh ar ais go hÉirinn sa luath-10ú haois, bhunaigh siad longfoirt nó baile nua. Mar ionadaí trádála agus déantúsaíochta, bhíodh cumhacht polaitiúil ag an té i gceannas iontu. Bhí leas ar leith ag ríthe na Laighean óir go raibh trí as cúig desna príomhbhailte le fáil in nó gar dá gcuid críoch: Loch Garman, Port Láirge agus Duibhlinn/Áth Cliath. Bhí an dá eile sa Mhumhain: Corcaigh agus Luimneach. San iarthar agus sa tuaisceart, ní raibh lonnaíocht tábhachtach ar bith le fáil.[7][8]

House of Godwin

D'éalaigh mic an rí Harold Godwinson Sasana go hÉirinn tar éis Chath Hastings sa bhliain 1066, áit a chuir Diarmaid fáilte rompu. Sna blianta 1068 agus 1069, thug Diarmaid cabhlach Átha Cliath dóibh agus iad ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar Shasana. Sa bhliain 1068, bhronn Diarmaid bratach catha Harold ar rí Éireannach eile.[9]

Rí na Laigean

Rinne Diarmaid comhaontas le Niall mac Eochadha, rí na nUlad, rud a chuir bhrúigh ó dhá thaobh ar ríochtaí na Mí, Bhreá agus Duibhlinn/Áth Cliath, a bhí faoi cheannas an Ardrí.[10]

Sa bhliain 1042, bhí sé ar a chumas an teideal "rí na Laigean" a éileamh, agus d'insealbhaigh sé a mhac, Murchadh, mar Rí Áth Cliath. Thus, ruler of two of the most powerful and wealthy towns on the island, he was able to make a bid for the High-Kingship. Maraíodh é áfach le linn catha in éadan rí na Mí, Conchobar Ua Maelsechlainn, gar den Uaimh, Contae na Mí, ar an 7ú Feabhra 1072.[11]

Bás agus oidhreacht

De réir Annála na gCeithre Máistrí don bhliain 1072, cloíodh Diarmaid ag Conchúr Ó Maelseachlainn, rí na Mí, agus baineadh a cheann de ag Cath Odhbha, Dé Máirt 7ú Feabhra. D'éag ina theannta go leor fir na Laigean agus gall, agus Giolla Phádraig Mac Fearghaile, rí na bhForthuath[11]

Tá clú ag Diarmaid mar sinsear Dhiarmada mhic Mhurchadha.[12][13]

Foinsí

Tagairtí

  1. Life after Brian: the highkingship, History Ireland, imleabhar 22
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956. Pages 407 & 413
  3. Irish pedigrees; or, The origin and stem of the Irish nation (1892), le John O'Hart, - imleabhar: 1, lch.555; "No.110 Diarmuid; second son of Donoch Maol-na-mBo; was the 47th Christian King of Leinster, and the 177th Milesian Monarch of Ireland; was slain on the 23rd Feb., 1072, at Odhba, near Navan; m. Darbhforgal (d. 1080), grand-daughter of the Monarch Brian Boromha." Nasc Internet Archive
  4. Hudson, "Diarmait"; Byrne, Irish Kings, ll. 271272 & 290.
  5. Byrne, Irish Kings, ll. 271272 & 290
  6. Hudson, Viking Pirates, ll. 137142
  7. DOC, EMI
  8. Hudson, VP
  9. Bartlett, Thomas; Jeffery, Keith (eag.), A Military History of Ireland, lch. 59, 1997, Cambridge University Press, ISBN 0521629896, 9780521629898, ar Google Books
  10. DOC, EMI, lch. 54.
  11. Annála na gCeithre Máistrí, M1072.3
  12. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. lch. 290.
  13. Irish pedigrees, le John O'Hart, Imleabhar 1, ll. 555 & 556, nasc Internet Archive


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.