Diarmaid Ó Donnabháin Rosa
Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O’Donovan Rossa as Béarla.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Jeremiah O'Donovan Rossa |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 10 Meán Fómhair 1831 Ros Ó gCairbre ![]() |
Bás | 29 Meitheamh 1915 83 bliana d'aois Oileán Staten, Nua Eabhrac, New York ![]() |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon ![]() |
Ball den 20ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
27 Samhain 1869 – 10 Feabhra 1870 (dícháiliú) Téarma parlaiminte: 20ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Tiobraid Árann Toghadh i: fothoghchán Pharlaimint na Breataine ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain ![]() |
Gairm | polaiteoir, eagarthóir ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Ealaíontóirí gaolmhara | Mary O'Donovan Rossa ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Mary O'Donovan Rossa ![]() |
![]() ![]() |
Saol
Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.
Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d’eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.
Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus arís i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D’fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D’éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 29 Meitheamh 1915.
.jpg.webp)
Oidhreacht
Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.
Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.
Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- RTÉ (2015-08-01). "Comóradh 100 bliain ar Shochraid Uí Dhonnabháin Rossa i 1915" (as ga).
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |