Delbna
Fine Ghaelach ba ea na Dealbhna' (Sean-Ghaeilge Delbna), gaolta a maíodh le Dál Chais trí Dhealbhna mac Cais. Ar dtús dream mór amháin, d'imigh siad óna chéile ina ngéaga sna Connachta, i ríocht na Mí agus sa Mhumhain.[1]
![](../I/Delbhna.jpg.webp)
Lár na hÉireann, le suíomhanna garbha de ghéaga na nDealbhna
De réir na seanscéalta is luaite, tá an Dealbhna ainmnithe as Delbáeth, mac nó Áengus nó Ogma, dia na dTuath Dé Danann a tháinig i gcomharbacht ar an Dagda nó Eochaid Ollathair mar Ardrí na hÉireann, agus a deirtear le haghaidh cúiseanna éagsúla gurb ionann é agus Tuireann. Insítear i scéal níos deireanaí gur de shliocht Suman mhic Lugh Delbáeth mhic Cais, sinsear eapainmneach Dhál Chais, iad an Dealbhna.[2]
Géaga
- Bhíodh Dealbhna Tír Dhá Locha, nó Dealbhna Fraoigh (Delbhna Feadha), bunaithe i gContae na Gaillimhe idir Loch Coirib agus Cuan na Gaillimhe. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Mac Con Raoi. Bhídís i gceannas i nGnó Mór, agus a bhfo-chlann, Uí Eanna, i nGnó Beag. Sna hannála ámh, tugtar i gcónaí an teideal Rí nó Tiarna Thír Dá Locha do Mhic Conraoi.[3][4]
- Bhí Delbhna Cuile Fabhair tráth i gceannas Mhaigh Seola, raibh thoir de Loch Coirib, go dtí gur chloígh fir Uí Briuin Seola iad (d'éirigh siad ina Muintir Mhurchadha, agus ansin Uí Fhlaithbheartaigh, a díbríodh cúig Conamara, áit a tugadh an teideal ríthe Iar-Chonnacht). Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Fathairtigh.[5]
- Bhíodh Delbhna Nuadat, nó Dealbhna Uí Mhaine, i gceannas cheantair mhóir gar d'Áth Luain i gContae Ros Comáin, idir An tSuca agus An tSionainn. Ón ré luathstairiúil i leith, bhí suas faoi cheannas Uí Mhaine. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Flannagáin.[6][7][8]
- Bhí Dealbhna hEathra b'fhéidir i ríocht aontaithe le Dealbhna Nuad go dtí gur chloígh Uí Mhaine iad. Faoin cúigiú haois, bhí suas tite faoi cheannas Uí Néill. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Mac Cochluinn, agus bhí a gcuid críoch suite i nGarraí an Chaisleáin, Contae Uíbh Fhailí.[9]
- Bhíodh Delbhna Mór lonnaithe i nDealbhna féin, Contae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Fionnalláin. Bhíodh cónaí orthu siad i dteannta le ceann de sheacht ngéag na Soghan.[10]
- Bhíodh Dealbhna Bheag (Delbhna Bec) bunaithe i gCill Bhríde, Contae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Maoilchallan.[11]
- Bhíodh Delbhna Sith Neannta i gceannas ar Mhullach na Sí i gContae Ros Comáin. Ghlac a rítheaghlach an sloinne O'Laoghóig.[12]
- Bhíodh Delbhna Teannmhagh, nó Dealbhna Iarthair Mhí, i gceannas ar Ráth Conarta i gContae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Scolaí.[13][14]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Dealbhna le Patrick Woulfe
- Coghlan, Lords of Devlin le John O'Hart
Tagairtí
- "History of Ireland, iml. 8, lch. 297" .
- "Ireland History in Maps".
- "History of Ireland in Maps".
- "The Book of Rights, lch. 105" .
- "Library of Ireland".
- "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .
- "The Book of Rights, lch. 105" .
- "Ireland History in Maps".
- "Ireland History in Maps".
- "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .
- "Ireland History in Maps".
- "The history of Ireland, lch. 297" .
- "Irish pedigrees, page 830" .
- "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .
Teimpléad:Dalcassians
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.