Dealbhaodh
I miotaseolaíocht na nGael, ba rí é Dealbhaodh (Sean-Ghaeilge Delbáeth nó Delbáed), le brí "riocht tine".[1][2][3] Ba é Aonghas nó Oghma na dTuath Dé Danann a athair, agus ba í Eithne na bhFomhórach a mháthair. Tháinig sé i gcomharbacht ar a gharmhac Eochaid Ollathair (Daghda) mar Ard-Rí na hÉireann. Bhí sé i gceannas ar na Tuatha Dé Danann agus Fomhóraigh aontaithe ar feadh deich mbliana, sular mharaigh a mhac Fiacha é.
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | monarc |
Muintir | |
Leanaí | Fiacha mac Delbaíth agus Elatha |
Eile | |
Cuid de | miotaseolaíocht na nGael |
Clann
Bhí triúr iníonacha ag Dealbaodh lena bhean chéile Earnmas, agus iad ná an triúr bandéithe eapainmneacha Ghaelacha Ériu, Banbha agus Fódhla.
De réir cuid de Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí triúr mac ag Dealbaoth, agus iad ná Brian, Iuchar agus Iucharba. Deirtear chomh maith go raibh Tuirill Biccreo mar ainm aige.[4]
Mhaígh an dream ársa darbh ainm Delbna gurbh iad a mhuintir iad.
Comhainmneacha agus leaganacha eile
Is amhlaidh go bhfuil Dealbaodh ar chomhphearsa le dia na toirní, Tuireann, os rud é go n-aithnítear é mar Tuirill Biccreo, athair Bhriain, Iuchair, agus Iucharba.[4]
Tugadh an t-ainm Dealbaodh do Lugaid mac Tail, tar éis dó tine draíochta a lasadh, a tháinig cúig tsruthán aisti.[5]
Sa mhír chéanna de Leabhar Gabhála na hÉireann, aithnítear Dealbaodh eile – Delbáeth Mac Neit – mar shin-sean-athair Tuirill Biccreo.[4]
Tagairtí
- Delbáeth ar eDIL
- Delb ar eDIL; dealbh.
- Áed ar eDIL
- , R. A. Stewart. (1941). Lebor Gabála Érenn. Part IV. Irish Texts Society, Bhaile Átha Cliath. § VII, Chéad athleagan.
- The Metrical Dindshenchas ar CELT
Réamhtheachtaí Daghdha |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1750–1740 BC FFE 1337–1327 BC |
Comharba Fiacha |