Daonáireamh
Cuntas oifigiúil ar a bhfuil de dhaoine i dtír, i gcathair srl. is ea daonáireamh (as an Laidin, census),[1] chun faisnéis lánchuimsitheach a bhailiú.

Taighde ag Edwin Chadwick, sa bhliain 1889
Pleanáil agus taighde
Baintear an-úsáid as daonáireamh ar son taighde, chun ionadaíocht dhaonlathach a chinntiú, agus chun bearta eacnamaíocha agus sóisialta a phleanáil. Tá faisnéis ríthábhachtach ann a bhféadfar seirbhísí poiblí a bheartú dá réir.[2]
De réir mholtaí na Náisiún Aontaithe, caithfidh na Ballstáit daonáireamh a reáchtáladh gach deich mbliana.[3]
Stair
Tá sonraí faoin dhaonáireamh a rinneadh sa tSín sa bhliain 2AD ar fáil go fóill - áiríodh go raibh 59.6 milliún duine in Impireacht na Síne ag an am. Dar leis an mBíobla rinne Impire na Róimhe daonáireamh thart faoin am céanna, ach níl sonraí ar fáil.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "An Foclóir Beag: daonáireamh" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-05-31.
- Nuacht RTÉ (2022-03-03). "Daonáireamh 2022: "An bhfuil Gaeilge labhartha agat?"" (as ga).
- "Census" (en). United Nations Population Fund. Dáta rochtana: 2023-05-31.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.