Daniel Juslenius
Scríbhneoir Fionlannach ab ea Daniel Juslenius (10 Meitheamh 1676 – 17 Iúil 1752). Ba é Juslenius a bhreac síos an chéad fhoclóir Fionlainnise, Suomalaisen sana-lugun coetus. Tháinig an foclóir amach sa bhliain 1745. San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Meitheamh 1676 Mietoinen |
Bás | 17 Iúil 1752 76 bliana d'aois |
Member of the Riksdag of the Estates (en) | |
1731 – 1731 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Liútarachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Turku |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí, múinteoir ollscoile, polaiteoir, sagart, teangeolaí, scríbhneoir |
Fostóir | Acadamh Ríoga Turku |
Teangacha | An Fhionlainnis |
Teaghlach | |
Céile | Catharina Schultz |
Páiste | Samuel Juslenius, Erik Juslenius (en) , Daniel Juslenius (en) |
Saol
Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé Aboa vetus et nova, tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!
Ba é Juslenius a scríobh Vindiciae Fennorum ("Suomalaisten puolustus") freisin, sa bhliain 1703.
Tagairtí
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.