Daniel Bernoulli
Matamaiticeoir is lia a saolaíodh i nGroningen na hOllainne do thuismitheoirí Eilvéiseacha ab ea Daniel Bernoulli (8 Feabhra 1700 – 17 Márta 1782). Duine de chlann a raibh cáil na matamaitice is na heolaíochta orthu. Rinne sé taighde ar fheidhmeanna triantánacha, codáin, agus teoiric chinéiteach na ngás is na sreabhán eile. Réitigh sé cothromóid a thairg Jacopo Riccati, a dtugtar cothromóid Bernoulli uirthi anois. Dhíorthaigh sé prionsabal Bernoulli i 1738. Fuair sé bás sa bhliain 1782 in Basel, san Eilvéis, mar a raibh sé ina ollamh ollscoile ó na 1730idí i leith.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Daniel Bernoulli". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 72.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.