Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Dúnchadh mac Duibh-dá-Bhoireann (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn) (bás 888). Bhí sé i gcoróin ón mbliain 872 go 888.[1]

Infotaula de personaDúnchad mac Duib-dá-Bairenn
Beathaisnéis
Bás888 (Féilire Ghréagóra)
Rí na Mumhan
872 – 888
 Máel Gualae mac DonngaileDub Lachtna mac Máele Gualae  Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Chaisil Cuir in eagar ar Wikidata

Sinsearacht éiginnte

Ba bhall de Chlann Failbhe é Dúnchad, agus Dubh Dá Bhoireann mac Crannmhaol ba ea a athair.[2]. Feictear é siúd sna ginealaigh mar uncail Tnúthghaile mhic Dhonnghaile, é sin nó a dheartháir.[3]

Réimeas

Insítear sna hannála gur éag rí Ceann Faoladh Ó Mughthighirn d'Eoghanacht Áine extenso dolore, in pace.[4] Tháinig a mac, Eoghan (bás 890), i gcomharbacht mar abb Imligh, ach rinneadh rí na Mumhan de Dhúnchadh, ball d'Eoghanacht Chaisil maraon le réamhtheachtaí Cinn Fhaolata, Maol Guala mac Donnghaile.

Insítear tásc Dhúnchadha i nAnnála Uladh don bhliain 888.[5] Tháinig Dubh Lachtna mac Maoil Guala i gcomharbacht air, é féin fosta ball de Chlann Fhailbhe.

Foinsí

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
  • T.W Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne (2011). "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II". Oxford: Oxford University Press.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Moody et al., A New History of Ireland, Kings of Munster to 1119
  2. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
  3. Moody et al., A New History of Ireland, Tábla 10, nóta 3.
  4. Annála Uladh, AU 872.3
  5. AU 888.4


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.