Dún an Uchta
Is sráidbhaile é Dún an Uchta[1] (Béarla: Eyrecourt) i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sé suite ar an mbóthar R356, dhá ciliméadar déag ón droichead i mBeannchar.
Dún an Uchta | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 55 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1390438 |
Stair
Tá an shráidbhaile ainmnithe as Clann Eyre, agus tá áiteanna eile ainmnithe astu freisin, mar shampla: An Fhaiche Mhór i gCathair na Gaillimhe. Bhí cónaí orthu i gCaisléan Dún an Uchta (is fothrach é anois) agus tá geata miotal mór suite ag an taobh oirthearach den phríomhshráid. Tá páirc níos mó ná céad acra ansin. Bhí an chlann bainteach leis an buíonn seilge áitiúil, The Galway Blazers.
Fóntais bhaile
Tá Dún an Uchta suite ar an "Beara-Breifne Way." Tá an Beara-Breifne Way úsáidte don siúil, don rothaíocht agus ba é an céad oidreacht bunaithe sa bhliain 1603. Tá dhá theach phobail i nDún an Uchta, Oifig an Phoist, Leabharlann, Siopa, garáiste, asraon mearbhia, Siopa Poitigéire, déileálaí tarracóire, ionad leighis, bunscoil, agus Milic Dún an Uchta GAA. Úsáideann grúpaí an halla áitiúil ó am go ham.
Gach Dara bhliain, i mí Meithimh bíonn féile innealra seanré ar siúl (Railí Seanré Dún an Uchta). Thaispéan sean-tarracóir, inneall gaile agus innealra féirm ag an bhféile gach bliain. Gach Meán Fómhair bíonn seó talmhaíochta ar siúl. Bíonn comórtas beostoc, comórtas bácáil agus comórtas garraíodóireacht.
Tá Dún an Uchta suite seachtó ciliméadar (uair an chloig) soir ó chathair na Gaillimhe agus céad ↵ciliméadar is caoga (dhá uair) siar ó Bhaile Átha Cliath.
Caidreamh Idirnáisiúnta
Tá Dún an Uchta cúpalta leis an sráidbhaile, Gouesnac'h sa Bhriotáin.
Paróiste
Tá paróiste Dún an Uchta suite thoir theas i gContae na Gaillimhe. Tá na hEaglais anallóid Dunanaughta, Cluain Fearta agus Milic suite anseo, agus tá an paróiste suite in aice le Abhann na Sionainne agus tá an tSuc i bhfoisceacht 16 míle uaidh.
In Dunanaughta tá dhá Eaglais; An Eaglais Chaitliceach, Naomh Bhreandáin, agus tá gloine dhaite. Tá Eaglais na hÉireann ainmnithe do Eoghan Baiste. Tá an Eaglais Chaitliceach is sine suite i Milic atá in úsáid leanúnbach ó 1414 CR. Tá uaigh Naomh Bhreandáin "An Loingseoir" agus Ardeaglais Cluain Fearta (leis a doras ailtireachta), agus dealbh ón 14 haois ar Ár Mhuire Mháthair Cluain Fearta (Our Lady of Clonfert) ann freisin.
Daoine
- Charles Burton, Moltóir Ardchúirt
- Corneilius Coughlan, Air ar bhronnadh Victoria Cross
- Roger Whittaker, amhránaí (Rugaithe i Nairobi ach cónaíonn sé i nDún an Uchta.)
Tagairtí
- “Dún an Uchta/Eyrecourt | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |