Dùn Bheagan
Is sráidbhaile san Eilean Sgitheanach, Comhairle na Gàidhealtachd, é Dùn Bheagan.[1] Tá clú agus cáil ar Chaisleán Dhùn Bheagan, suíochán cheann feadhna Chlann MhicLeòid.. Tá Dùn Bheagan suite i bparóiste Dhiùirinis,[2] agus tá an eaglais pharóiste i nDùn Bheagan. Sa bhliain 2011 bhí daonra 386 duine ann.[3]
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | An Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle na Gàidhealtachd ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | IV55 ![]() |
Logainm
San‘‘The Norse Influence on Gaelic Scotland’’ (1910), tugann George Henderson le fios go dtagann an t-ainm ‘‘Dùn Bheagain’’ ón tSean-Ghaeilge ‘‘Dùn Bheccáin’’, Is ainm pearsanta Gaelach é 'Beccán'.
Tíreolaíocht
Tá Dùn Bheagan suite ar an gcladach i Loch mór Dhùn Bheagan, agus tá cáil ar Old School Restaurant sa tsráidbhaile breac lena héisc a ghabhtar go húr ón loch féin. Tá Dún Bheagáin suite ag acomhal an A850, agus an A863.[4] Tá acomhal ag an mbóthar an B884. agus freisin leis an A863, ag an taobh thoir de Dhùn Bheagan.[5]
Déimeagrafaíocht
Bíonn daonra buan Dhùn Bheagan ag laghdú. Mar sin féin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag fanacht sa cheantar le linn saoire thar na blianta ó 2001 i leith.
Geilleagar
Bhíodh eolas turasóireachta suite i bparáid na siopaí ag Taobh Locha, ach tá sé ar fáil anois ar bhonn séasúrach ag St Kilda Shop i gCaisleán Dhún Bheagáin. Bunaíodh Músaem an Fhathaigh MhicAsgaill, a dhéanann ceiliúradh ar shaol Aonghas Mhóir MacAsgaill i 1989 agus tá sé á bhainistiú ag Peter MacAskill, athair na dtrialacha rothaíochta Danny MacAskill.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "Dunvegan, Ainmean-Àite na h-Alba". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-16. Dáta rochtana: 2022-08-16.
- "Details of Dunvegan".
- Highland Council 2011 census profile for Settlement Zones
- "A863".
- "B884".
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |