Dían Cécht

I Miotaseolaíocht na nGael, dia leighis ab ea Dian Céacht (Sean-Ghaeilge Dían Cécht, darb ainm chomh maith CainteCanta) na dTuath Dé Danann. Athair Cu, Cethen agus Chéin ann ea é.[1] B'iad Miach, Airmed, Étan file agus Ochtriullach a pháistí eile.[2][3] Sa Dinnseanchas, deirtear gur mac Daghdha é Dian Céacht.[4] Ba sheanathair athartha Lugh é.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDían Cécht
Cineáldia
health deity (en) Aistrigh
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíCian mac Dían Cecht Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deTuatha Dé Danann Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht

Is amhlaidh[5] go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *Deino-kwekwto-, ‘comhbhruith gasta’.

Sa tSean-Ghaeilge, ciallaíonn cécht[6] sail chéachta,[7] a luaigh go fileata don chéachta iomlán.[8][9][10] Is é brí le Dían ná díocasach, gasta, fuinniúil, nó tréan.[11]. Le cois sin, tugann ainmneacha a pháistí, Miach agus Airmed, tacaí do ghaol le talmhaíochta agus treabhadh.

De réir an Historical Encyclopedy of Celtic Culture, d'fhéadfadh é gur comhcheangal é ann t-ainm Dían Cécht[12] d'focail choitianta na Sean-Ghaeilge dían[13] 'swift', agus cécht, gluaiste mar 'cumhacht'.[14][15] Is amhlaidh ámh gur sanasaíocht thraidisiúnta na ndaoine é seo.

Sa Chóir Anmann, tugtar deus mar ghluais ar dían.[16]

Dia de chuid miotaseolaíocht na Breataine Bige is ea Amaethon, a bhfuil gaol aige le céachtaí.

Tobar leigheasach

Bheannaigh Dian Céacht tobar darb ainm Sláine, siar ó Mhaigh Tuireadh agus soir ó Loch Arbhach[17] in áit darb ainm Achadh an Chrann Úll (Achad Abla),[18][19] áit a thagadh na Tuatha Dé Danann chun folcadh agus leigheas agus iad gortaithe, sula dtéidís ar ais chun troda. Leigheasadh an tobar gach cneá ach dícheannadh.[3]

Beiriú na Bearú

Ba é Dian Ceacht a tharrtháil Éire tráth, agus ba chúis é, cé go hindíreach, ainm na Bearú.[20][21]

Rugadh mac do Mhór-Ríoghain, bean chéile fíochmhar dia na neimhe, ach chomh uafáis a bhí sé gur thug lia na déithe, agus baol ina thuar aige, thug sé comhairle go marófaí ina leanbh é.[21] Rinneadh amhlaidh, agus d'oscail Dian Céacht croí an linbh. D'aimsigh sé laistigh trí nathair a bheadh in ann agus iad fásta Éire a bhánú.[21] Dhíothaigh sé na nathracha agus dhóigh sé iad ina luaithreach, chun olcas a gcoirp mharbha a chosc.[21] Lena chois sin, rad sé an luaithreach isteach san abhainn ba ghiorra dó, óir go raibh faitíos air rompu fós. Agus, go deimhin, chomh nimhneach sin a bhí siad gur cuireadh an abha ag fiuchadh agus ag beiriú, agus maraíodh gach uile neach beo inti. Dá bharr sin, is é ainm na habhann ná An Bhearú as sin amach.[21]

According to the Metrical Dindsenchas:

'No motion it made
The ashes of Meichi the strongly smitten:
The stream made sodden and silent past recovery
The fell filth of the old serpent.

Three turns the serpent made;
It sought the soldier to consume him;
It would have wasted by its doing the kine;
The fell filth of the old serpent.

Therefore Diancecht slew it;
There rude reason for clean destroying it,
For preventing it from wasting
Worse than any wolf pack, from consuming utterly.

Known to me is the grave where he cast it,
A tomb without walls or roof-tree;
Its ashes, evil without loveliness or innocence
Found silent burial in noble Barrow.[20]

This tale in the Dinnseanchas indicates that the being slayed by Diancecht was a serpent named Meichi. Elsewhere the figure named as the slayer of Meichi is Mac Ceacht.[20]

Leigheas lámh Nuada

Rinne Dian Céacht land airgid do Nuada, a bhí in ann bogadh agus feidhmiú mar ghnáthlámh. Ina dhiaidh sin, rinne Miach mac Diain lámh chnis agus feola in hionad. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Cháin deirfiúr Mhéich, Airmed, thar uaigh a dhearthár. Le titim a deora, d'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir sise in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar. Deirtear dá bharr nach bhfuil eolas fosta ar chumhacht leighis na luibheanna ag aon duine daonna.[3]

Bhí Dian Cecht in ann Midhir a leigheas nuair a chaill sé súil a scríobadh le cipín coill.[22]

Foinsí

  • McCone, Kim (1996). Towards a Relative Chronology of Ancient and Medieval Celtic Sound Change. Magh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Naomh Pádraig. ISBN 0-901519-40-5.

Tagairtí

  1. Reidling, Kisma (3ú Samhain 2004). "Faery-Faith Traditional Wisdom" Irish Cosmology & Faery Glamoury. AuthorHouse.
  2. "Leabhar Gabhála na hÉireann" (1941) IV. Baile Átha Cliath: Irish Texts Society.
  3. "Cath Maige Tuireadh" .
  4. The Metrical Dindshenchas ar CELT
  5. A bhuí le hathruithe fuaime na teangeolaíochta i Teangacha Ceilteacha (McCone, 1996) agus anailís den fhoclóir Prótai-Ceiltise den Ollscoil na Breataine Bige agus an Indogermanisches etymologisches Wörterbuch le Julius Pokorny
  6. 1 cécht ar eDIL
  7. 1 cécht (a) ar eDIL
  8. Shaw, John. "Indo-European Dragon-Slayers and Healers, and the Irish account of Dian Cécht and Méiche". Curtha i gcartlann 2014-08-08 ar an Wayback Machine
  9. "In Dúil Bélrai - Old Irish Glossary".
  10. 1 cécht (b) ar eDIL
  11. "The Story of Airmed from Cath Maige Tuired".
  12. Dían Cécht ar eDIL
  13. 1 dían ar eDIL
  14. J. T. Koch, Celtic culture: a historical encyclopedia, Iml. 1-4 - lch. 586.
  15. 2 cécht ar eDIL
  16. 2 dían ar eDIL
  17. Loch Arbhach ar logainm.ie
  18. aball ar eDIL
  19. Folklore Society, 1893 Imleabhar 4
  20. https://www.academia.edu/10246879/Indo-European_Dragon-Slayers_and_Healers_and_the_Irish_Account_of_Dian_C%C3%A9cht_and_M%C3%A9iche
  21. "Celtic Myth and Legend: The Gaelic Gods" .
  22. Tochmharc Éadaoine.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.