Dál nAraidi an Tuaiscirt
Tuath agus rítheaghlach de chuid an Dáil Araí agus dá bharr na nUlad ba ea Dál Araí an Tuaiscirt (Sean-Ghaeilge Dál nAraidi in Tuaiscirt). Géag de rítheaghlach Uí Chóelbad den Dál nAraidi Mag Line a bhí ann, a raibh ríocht Eilne cloíte acu an éigin i lár na 7ú haoise. Faightear an rí deireanach Dhál Araí an Tuaiscirt sna annála don bhliain 883. Tháinig clann Uí Thoirtre i gceannas sna críocha sa 10ú haois.
Stair
I lár na 7ú haoise, chloígh Dál nAraidi Mag Line, i gceannas Uí Chóelbad, an tuath Eilne ar a dtaobh thiar thuaidh, agus is amhlaidh gur lonnaigh craobh dá mhuintir ann.[1] Síolraithe ó Fhiachra Caoch (bás 608) deartháir Fíachnae Lurgan, rí Dhál Araí agus rí ruire na nUlad, ba ea an géag seo.[2]
Is dócha gurbh é Dúngal Eilni, fionnó Fhiachra Chaoch agus rí Dhál Araí, an chéad cheannaire bheith bunaithe i nEilne.[2] Sa bhliain 681, ámh, maraíodh Dúngal agus a chomhghuaillí, Cenn Fáelad rí Chiannachta Gleann Geimhin as tuaisceart Chontae Doire, ag Dún Ceithirn (Sconsa an Fhathaigh[3] an lae inniu, i bparóiste Dhún Bó taobh thiar den Bhanna) ag Máel Dúin mac Máele Fithrich de Cenél Meic Ercae de chuid Chineál Eoghain.[4][5][6]
In am trátha, glaodh ar an chraobh seo Dál nAraidi in Tuaiscirt agus Dál nAraidi Mag nEilne.[7] Faightear an chéad tagairt do Dhál nAraidi in Tuaiscirt i nAnnála Uladh don bhliain 824.[1][2]
Idir na blianta 646 agus 792, bhí ríogacht Dhál Araí faoi sheacht ag In Tuaiscirt, agus beirt dubh siúd ina rí Uladh.[2]. Maraíodh Cathussach mac Ailello, rí Eilne agus Dhál Araí, agus a maíodh gur rí Uladh é le sé bliana déag, ag Ráth Beithech sa bhliain 749.[8] Ba é Eochaid mac Bressal, a d'éag sa bhliain 832, an rí deireanach Dhál Araí an Tuaiscirt a bhfuil eolas air agus a raibh ríogacht Dhál Araí aige.[1] Feictear rí deireanach Dhál Araí in Tuaiscirt a bhfuil eolas air sa bhliain 883.[2]
Tá cill Chúil Raithin, ar bhruach na Banna, suite i nEilne, agus deirtear gur bhunaigh Cairbre í, in am trátha a heaspag.[9] De réir Vita tripartita Sancti Patricii, scrios sa 9ú haois, bronnadh an Dál nAraidi an Eaglais is ar Naomh Pádraig.[9]
Bhí clann Uí Thoirtre as Oirialla gníomhach taobh thoir den Bhanna chomh luath is an bhliain 776,[2] agus faoin 10ú haois bhí Eilne faoi smacht acu.[10]
Críocha
Deirtear gurbh ionann Dál nAraidi in Tuaiscirt, go garbh, leis na barúntachtaí níos déanaí Dún Libhse Íochtarach agus Líbeartaí Thoir Thuaidh Chúil Raithin,[11][2] agus is dócha fosta leis an tríocha céad, An Tuaisceart.[2] D'éirigh sé ina chantred Normannach darbh ainm Twescard (Tuaisceart), a thógfadh níos déanaí an cantred Dalrede (Dál Riada) isteach. Cuireadh an dá cantred le chéile mar bhunús na déanachta, Twescard.[2]
Bhí fo-roinn In Tuaiscirt darbh ainm Cúil an Tuaiscirt suite i n-oirdeisceart na tuaithe gar do Chúil Raithin. Tugadh níos déanaí a críocha mar bhunús Líbeartaí Thoir Thuaidh.
Foinsí
- Byrne, F.J. (1964). "Clann Ollaman Uaisle Emna". Studia Hibernica (4): 54–94. Liverpool University Press.
- Charles Edwards, T.M. (2006). "The Chronicle of Ireland, Volume 1". Liverpool University Press.
- "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008). Oxford University Press.
- McCone, Kim (1984). "Clones and Her Neighbours in the Early Period: Hints from Some Airgialla Saints' Lives". Clogher Record 11 (3): 305–325. Clogher Historical Society. doi: . JSTOR 27695892.
- MacCotter, Paul (2014-10-31). "Medieval Ireland. Territorial, Political and Economic Divisions". The Heritage Council.
- Maney, Laurance (2004–2005). ""I Wonder What the King Is Doing Tonight" Looking for Arthur in All the Wrong Places". Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 24/25: 54–72. Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University.
- "The excavation of an Early Christian rath with later medieval occupation at Drumadoon, Co. Antrim" (2009). Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tagairtí
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Lúnasa 2016. Dáta rochtana: 17 Feabhra 2020.
- MacCotter, lch. 231.
- Sconsa an Fhathaigh Curtha i gcartlann 2015-02-20 ar an Wayback Machine, Slí Cholmcille
- A New History of Ireland, p. 212.
- Charles-Edwards (2006), p. 68.
- Maney, p. 67.
- Charles-Edwards (2006), p. 165.
- Byrne (1964), p. 85.
- McCone, p. 308-309.
- McSparron, p. 109.
- Onomasticon Goedelicum - D
Teimpléad:Ulaidh