Dál Messin Corb
Rítheaghlach na Laigean ba ea Dál Messin Corb, i dteannta le Dál Chormaic. De shliocht Messin Corb ba ea iad, agus daoine deireanacha desna Fir Domhnann.[1] Sa cúigiú agus séú haoiseanna, cuireadh an ruaig orthu as a gcuid críoch ar an Life agus i gContae Chill Mhantáin isteach.[2]
Uí Garrchon ba ea príomhghéag an rítheaghlaigh. Deirtear go raibh Naomh Caoimhín de Ghleann Dá Loch síolraithe ó Uíbh Náir, mionghéag an dreama úd.[3]
Féach freisin
Tagairtí
- "Ancient Laigin — Kingdom of Leinster".
- "The Tribes of Laigen (Leinster Series) — Dál Messin Corb".
- Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400 - 800", in A New History of Ireland, imleabhar 1, lch. 189
Teimpléad:Laigin
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.