Cruas

Tomhas ar fhriotaíocht ábhair do dhingeadh is scríobadh is ea cruas. Tá sé gaolta go ginearálta le géillstrus, neart teanntachta, agus neart comhbhrúiteachta an ábhair. Déantar an tomhas (i dtástálacha Brinell is Vickers) trí dhingeadh a dhéanamh go caighdeánach sa dromchla, agus leithead nó doimhneacht na dinge a thomhas. I dtástáil Mohs, atá níos cáilíochtúla, déantar iarracht an dromchla a scríobadh le gach ceann de na hábhair seo a leanas go ndéantar scríobadh air, agus luaitear cruas Mohs an ábhair scríobtha sin leis an dromchla:

Ábhar scríobthaMeasúnú cáilíochtúilCruas Mohs
talcbrúnn ionga láimhe é1
gipseamscríobann ionga láimhe é2
cailcítscríobann bonn copair í3
fluairítscríobann gloine í4
apaitítscríobann scian póca í5
iathchlochscríobann grianchloch í6
grianchlochscríobann líomhán cruach í7
tópásscríobann corandam é8
corandamscríobann diamant é9
diamant10
Cruas

Mianreolaí Gearmánach ab ea Friedrich Mohs (1773-1839), agus cheap sé an tástáil seo i 1812.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.