Crioptón
Is é an crioptón dúil cheimiceach uimhir a 36. Is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Kr. Cosúil leis na triathgháis eile, níl sé ró-araiciseach chun imoibriúcháin leis na dúile eile, ach is féidir leis an bhfluairín é a ocsaídiú, ionas go gcruthaítear fluairídí crioptóin. Níl sé le fáil go flúirseach san atmaisféar. Tá ainm na dúile seo bunaithe ar an bhfocal Gréigise κρυπτός (kruptós), a chiallaíonn "ceilte" nó "folaithe".
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus gás |
---|---|
Crioptón sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Kr |
Uimhir adamhach | 36 |
Mais adamhach | 83.798 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ agus [Ar] 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ |
Peiriad, Grúpa | peiread 4 triathgháis |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 3 |
Stair | |
Aimsitheoir | William Ramsay agus Morris Travers |
Fionnachtain | 1898 |
Eapainm | concealment (en) ![]() |
![]() |
Cosúil leis na triathgháis eile úsáidtear crioptón sa ghléasra solais agus sa ghrianghrafadóireacht. Tá cuid mhaith línte speictreacha ag an gcrioptón, agus tagann an plasma crioptóin isteach áisiúil i léasair gheala ardchumhachta. Meán úsáideach le haghaidh léasair is ea an fhluairíd chrioptóin chomh maith.
Stair
Ba iad an ceimiceoir Albanach William Ramsay agus an ceimiceoir Sasanach Morris Travers a chéadaithin an crioptón sa Bhreatain Mhór sa bhliain 1898 in iarsmaí an aeir leachtaigh. Na daoine céanna a chuir an chéad sonrú sa neon cúpla seachtain ina dhiaidh sin ar an dóigh chéanna. Fionnachtain seo na dtriathghás a thabhaigh Duais Nobel sa Cheimic do Ramsay sa bhliain 1904.
Sa bhliain 1960 shocraigh Biúró Idirnáisiúnta na Meáchan is na Miosúr gurbh ionann aon mhéadar amháin agus tonnfhad an tsolais a astaíonn crioptón a 86, ceann d'iseatóip an chrioptóin. Roimhe sin bhí sainmhíniú an mhéadair bunaithe ar phrótaitíopa an mhéadar ar bharra miotail é agus é á choinneáil i dtaisce i Sèvres, an Fhrainc, ón mbliain 1889 i leith. Nuair a rinneadh athshainmhíniú ar fhad an mhéadair, d'athraigh sainmhíniú an angstraim chomh maith. Sa bhliain 1927 glacadh le sainmhíniú an angstraim a bhí bunaithe ar líne dhearg speictreach an chaidmiam, ach sa bhliain 1960 cinneadh gurbh iomlán aon angstram amháin agus 10-10 méadar. An sainmhíniú a bhí bunaithe ar thonnfhad an tsolais as crioptón a 86 mhair sé go comhdháil an Bhiúró i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1983, nuair a sainmhíníodh gurbh ionann aon mhéadar amháin agus an fad a chuireann an solas de san fholús in imeacht 1/299,792,458 soicind ama.
Saintréithe
Tá línte géara so-aitheanta astúcháin i speictream an chrioptóin, agus is iad na línte uaine agus buí na cinn is láidre. Nuair a dhéanfaidh núicléas úráiniam eamhnú, beidh an crioptón ar ceann den dá núicléas a chruthófar. Tá an crioptón soladach bán, agus struchtúr ciúbach éadanlárnach criostalda aige, cosúil leis na triathgháis eile (amach ón heiliam, a bhfuil criostail heicseagánacha aige).
Iseatóip
Tá an crioptón nádúrtha comhdhéanta as cúig iseatóp cobhsaí chomh maith le ceann radaighníomhach a bhfuil leathré chomh fada aige is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.
Tagairtí
![]() | Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |