Craobh Rua
Sa Rúraíocht, ba iad an Chraobh Rua agus an Chraobh Dhearg (Sean-Ghaeilge Cróeb Ruad agus Cróeb Derg) dhá theach ríoga den trí cinn a bhí ag rí na nUladh, Conchúr mac Neasa, ina phríomhchathair, Eamhain Mhacha. Faightear inniu iad scaití mar ainm d'aicme gaiscíoch, Ridirí na Craoibhe Rua/Deirge.
Ba í an Chraobh Rua ceannáras ríoga an rí.[1] Caomhnaítear a hainm sa bhaile fearainn úd i gContae Ard Mhacha. Ba í an Craobh Dhearg an áit a coinníodh cinn bhainte agus coirn chatha eile.
Ba é a thríú teach ná an Téide[2] Breac (Sean-Ghaeilge Téite Brec), áit a coinníodh airm na laochra.[1]
Sa lá inniu
- Úsáideadh an t-ainm Red Branch Knights ag grúpa paraimíleata dílseora as Tuaisceart Éireann i Mí Mheán Fómhair 1992, chun freagracht a mhaíomh as gairis loiscneacha and a séidbhuama fágtha i mbanc i mBaile na Mainistreach (ach lonnaithe i mBaile Átha Cliath). Seoladh ráitis chuig na meáin, ag bagairt foréigin in éadan éinne le naisc pholitiúla nó eacnamaíocha le Poblacht na hÉireann. Ní raibh siad ciontach as taismeach ar bith i rith na dTrioblóidí.[3]
- Tá grúpa ceoil Ceilteach ann as Béal Feirste, darb ainm Craobh Rua.[4]
- Úsáideadh an t-ainm Knights of the Red Branch ag Irish Catholic fraternal organization in Philadelphia, Pennsylvania and San Francisco, California in the 19th and early to mid 20th centuries.[5]
Tagairtí
- Whitley Stokes (eag. & aistr.), "Tidings of Conchobar mac Nessa", Ériu 4, 1910, ll. 18-38
- nó Céide
- Conflict Archive in Northern Ireland
- Celtic Music Group: Craobh Rua
- Bernard Donahue, Obituary of Francis P. Donahue, Philadelphia Inquirer, Sept. 20, 1911
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.