Cormac Cond Longas
Sa Rúraíocht, ba é Cormac Cond Longas (fosta Connlongas, Connloinges) (flaith ar deoraíocht) an mac is sine de Chonchúr mac Neasa lena mháthair féin, Neasa. Ba é Fearghas mac Róigh a athair altrama.
Cineál | duine ficseanúil carachtar liteartha carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Rúraíocht |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Athair | Conchúr mac Neasa |
Lean Cormac Fergus ar deoraíocht go Connacht tar éis eachtra Dheirdre, agus throid ar son Ailealla agus Méabha in éadan a athar sa Táin Bó Cuailnge. I rith an chatha, chuir sé cosc ar Fhearghas, Conchúr a mharú.
Nuair a fuair Conchúr bás, d'iarr na hUlaidh ar Chormac a athfhilleadh ina rí. Ar a thuras abhaile, ámh, cuireadh iallach air a gheis a bhriseadh, agus maraíodh eisean agus a fhir nuair a ionsaíodh an brú faoinar bhain siad.
Tagairtí
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.