Contae Ros Comáin
I gCúige Chonnacht atá Contae Ros Comáin[1] (Fuaimniú), agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn an Drochshaoil (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i dTeach Bhéal na mBuillí.[2]
Contae Ros Comáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Príomhchathair | Ros Comáin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 64,436 (2016) | ||||
• Dlús | 25.29 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,548 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Roscommon County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae Ros Comáin | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-RN | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100027 | ||||
Suíomh gréasáin | roscommoncoco.ie… |
Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é Baile Átha Luain, áit atá suite ar bhruach na Sionainne, sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochtantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhaigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean.
Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i Loch Cé i Ros Comáin Thuaidh.
Sa chontae seo a rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad Uachtarán ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán.
Bailte agus sráidbhailte
- An Airgnigh, Áth Liag, Áth Luain, Ail Finn
- Bealach an Doirín, Baile an Tobair, Baile an Locha, Bál Átha na gCarr, Béal Átha na Muille, Mainistir na Búille, Béal Átha Fearnáin, Béal Átha Feorainne, Béal na mBuillí, Baile Átha Luain
- Cluain Fada, An Caisleán Riabhach, Cruachán, Corr an Tobair, Cill Taobháin, Céideadh, Cnoc an Viocáire, Cnoc an Chrochaire, Ceathrú an Chaisil, Cluain Banbh, Corr na Fola, Corr an Tobair, An Currach Buí, Céideadh
- An Droim, Dún Gar, An Dísirt
- Fiodharta
- An Leithcheathrú, Lios Lachna, Loch Glinne
- Mainistir na Búille
- Port Reanna
- Ráth Ara, Ros Comáin, Rúscaigh
- An Seanbhaile
- Tearmann Bearaigh, Tuilsce, Teach Mhic Conaill, Tigh Srathra
Barúntachtaí
Tíreolaíocht
Cultúr
Féach freisin
- Mainistreacha agus Prióireachtaí i gContae Ros Comáin
- Comhairle Contae Ros Comáin
- Stáisiún Ros Comáin Stáisiún traenach.
- Stáisiún Mhainistir na Búille Stáisiún traenach.
- Stáisiún an Chaisleáin Riabhaigh Stáisiún traenach.
- Ospidéal Ollscoile Ros Comáin Baile Ros Comáin.
- Ros Comáin–Gaillimh (Dáilcheantar)
Naisc sheachtracha
- Roscommon Links Curtha i gcartlann 2009-06-07 ar an Wayback Machine
Tagairtí
- “Contae Ros Comáin/Roscommon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-31. Dáta rochtana: 2012-10-12.