Conmhaicne Ceara
Dream agus tuath i gcúige Chonnacht ba ea Conmhaicne Ceara nó Conmaicne Cúile Carra.
Bunús
Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort.[1][2][3]
Feictear roinnt leaganacha Sean-Ghaeilge do Chonmhaicne Ceara i saothair le Tíreachán, sa Leabhar Laighneach agus seanlámhscríbhinní eile:
- Regiones Maicc Ercae in Breverium le Tíreachán[4]
- Maige Maicc Ercae in Vita tripartita Sancti Patricii le Tíreachán.[4]
- Cuile Conaire.[5][6]
- Campum Caeri[7]
- Cera i Connachtaib[8]
- im Mag Cerae; im maigib maicc Ercae.[7]
San aistriúchán de Leabhar Fhíonach le O'Donovan, aithníonn an t-údar Cinél Cirend le Crích mac Éric (.i. Uladh),[9] ach is léir nach ceart é seo.[n 1] Deir Breathnach:
- "Conmaicne of Crich Meic Eircce is explained by Cenel Meic Eircce which is equated with the Men of Cera, they gave their name to the barony of Carra".
Críocha
Tá an bharúntacht mar atá inniu ann, Ceara, ainmnithe as an tuath Conmhaicne Ceara.
Bhí an tuath teoranta le locha agus coillte. O dheas bhí Conmhaicne Coille, barúntacht Chill Mheáin inniu.[11] Ó thuaidh tá barúntacht Tír Amhlaidh. Bhí críocha nua leithne acu sular ghabh mic Bhrióin cuid díobh, mar éiric as mharú Bhrióin ag Cath Damchluain.[12]
Tá air ann darbh ainm Corcu Temne nó Temenrige atá luaite sa Brevium le Tíreachán, mar "i Ceri contra solis occasum" (taobh thiar de Cheara).[4]
Clanna
I measc clanna Chonmhaicne Coille, bhí Uí Chulacháin, Uí Ghormóig, Uí Mhuireadhaigh, Uí Mhóráin, Uí Learghasa agus Uí Thiarnaigh. Feictear na sloinnte Ó Móráin agus Ó Tiarnaigh i gcríocha Conmhaicne eile.
Cealla Phádraig
Sa bhunleagan de Vita tripartita Sancti Patricii, dúirt Tírechán go ndeachaigh Naomh Pádraig trí Chonmhaicne Coille, ag bunú cille in áit darbh ainm Cuille Corr.[13]
Annála
- ACM 1094.14: Oirchinneach Achaidh Fabhair do mharbhadh d'Feraibh Cera.
Féach freisin
Nótaí
- "Crich-Mac-Erc. A name for Ulster, derived from Erc, daughter of Loarn king of Scotland, and mother of Muirchertach Mac Errca, king of Ireland. Muirchertach met a strange fate, having been on the same night drowned in a vat of wine, burned in a house of fire, and then killed (!), through the machinations of a fairy in the year 531.[10]". But the Conmaicne Carra lived in Connacht.
Foinsí
- Annála na gCeithre Máistrí
- MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
- Ó Cróinín, Dáibhí (2016). "A Miracle of Learning: Studies in Manuscripts and Irish Learning: Essays in Honour of William O'Sullivan". Routledge.
- Wilde, William R. (2013). "Lough Corrib, Its Shores and Islands: with Notices of Lough Mask". Lulu.com.
- MacNeill, Eoin (1932). "The Vita Tripartita of St. Patrick.". Ériu Ériu, vol. 11: 1–41. JSTOR 30008085.
- Bieler, Ludwig (1979). "The Patrician Texts in the Book of Armagh": 122–167.
- "The Martyrology of Tallaght" (1931). London.
- "An Leabhar Laighneach: The Book of Leinster" (1954–83) I-VI.
- Knox, Hubert Thomas (1908). "The History of the County of Mayo, to the close of the sixteenth century". Dublin: Hodges, Figgis & Co., Ltd.
Tagairtí
- MacKillop 2004.
- AFM, p. 417.
- Walsh 1940, p. 6.
- MacNeill 1932, p. 20.
- AFM & M544.3.
- Best, et al & 1954-83.
- Bieler 1979.
- Best & et al.
- O'Donovan, p. 383.
- O'Donovan, p. 231.
- Mac Neill 1932, p. 19.
- Eoin Mac Néill
- Knox 1908, p. 28.