Conaing Coirre
Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conaing mac Conghaile (Sean-Ghaeilge Conaing mac Congaile (bás 662), ar a glaodh Conaing Cuirre.[1] Conghal mac Aodha Sláine (bás 634), iar-rí, ba ea a athair.[2] Bhí sé i réim ón mbliain 634 go dtí 662 i gcríocha Chnóbha (Cnogba), nó Tuaisceart Bhreá.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 662 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe Bhreá | |
Teaghlach | |
Páiste | Congalach mac Conaing Cuirre, Irgalach mac Conaing |
Athair | Congal mac Áedo Sláine |
Agus Conaing i gcoróin, bhí a uncailí, Diarmaid (bás 665) agus Blathmac (bás 665) ina gcomh-Ardríthe na hÉireann. Tuairiscítear sna hannála gur tharla cath idir Blathmac agus lucht leanúna Dhiarmada ag Cath Ogomain sa bhliain 662.[3][4] Maraíodh Conaing ag troid ar son Bhlathmaic sa chath cathartha seo. Mharaigh fosta a chomhghuaillithe, Ultán mac Ernaine, taoiseach na gCiannacht, agus Cenn Fáelad mac Gerthide, taoiseach na gCiannacht Ard.
Uí Chonaing a glaodh ar a mhuintir a bhí ina ríthe ag Cnobha ina dhiaidh. Ríthe Bhreá fosta ba ea a mhic, Conghalach (bás 696) agus Iarghalach (bás 702). Ardrí Éireann ba ea Cináed mac Iargalaigh]] (bás 728) (ní raibh ach Ardrí Uí Chonaing eile ina dhiaidh, Conghalach Chnobha sa 10ú haois). Phós a iníon, Caintigern, Ceallach Chualann (bás 715), rí Laigean de chlann Uí Mháil. Máthair Naomh Kentigerna ba ea í.
Féach freisin
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- cuirre, (leicne) coirre, ar eDIL
- T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, aguisín II
- Annála Uladh, AU 662.2
- Annála Tiarnaigh , AT 662.4