Comhphobal Mhaidrid

Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilComhphobal Mhaidrid
Comunidad de Madrid (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno de la Comunidad de Madrid Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40.42526°N 3.69063°W / 40.42526; -3.69063
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairMaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,000,621 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús872.03 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla8,028 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Tagus, Jarama, Abhainn Guadarrama, Manzanares, Lozoya, Abhainn Henares agus Tajuña Cuir in eagar ar Wikidata
Airde678 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePeñalara (en) Aistrigh (2,430 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAbhainn Tagus (470 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1983
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Phobal Mhaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Mhaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
 President of the Community of Madrid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataIsabel Díaz Ayuso (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-MD Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES30 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh28 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmadrid.org Cuir in eagar ar Wikidata

Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).

Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail i Maidrid, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá 179 bardais sa chomhphobal.

Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.


Tíreolas

In ainneoin daonra ard an chomhphobail, tá go leor den réigiúin fós gan mhilleadh le raon mór tír dhreach agus gnáthóga. Tá sléibhte sa chomhphobal chomh aird le 2,000 m chomh maith lé mánanna íseal. Is é an Sliabhroan de Guadarrama sliabhraon tábhachtach in iarthuaisceart an réigiúin agus é mar chuid den Sistema Central, na sliabhraon a thagann le chéile thart ar lár leithinis na hIbéire. Tagann an sliabhraon ó chúige Ávila san iardheisceart tríd an gcomhphobal agus ar aghaidh go cúige Segovia san oirthuaisceart. Tá sé thart ar 80 ciliméadar ar fad. Is í Peñalara an sliabh is airde ag 2,428 méadar ar airde. Tá cathair mhaidrid é féin sách ard mar phríomhchathair chomh maith. Tá an sliabhraon an-gharr do Mhaidrid agus mar sin bíonn neart turasóirí agus cuairteoirí ag teacht ann le haghaidh spóirt gheimhridh éagsúla, mar shampla skíáil. Bíonn tionnchar ag na heachtraí seo ar timpeallacht agus gnáthóige na sléibhte. Tá El Escorial suite sa sliabhraon seo.

Aeráid

Tá aeráid te-samhraidh na meánmhura le fáil i Maidrid le geimhrí fuara. Bíonn samhraidh an-te ann le teocht chomh hard le 30°C i mí Iúil agus fiú 40 °C uaireanta, i rith an gheimhridh bíonn teochtanna thart ar 0°C nó faoin reophointe. De bharr airde Mhaidrid agus an aeráid tirim bíonn na hoíchí ar an meán fuair go leor.

Stair

Réamhstair agus Ríocht Viseagotaigh

Féach Na Viseagotaigh

Al-Andalus

Féach Al Andalus

An lá atá inniu


Daonra

Bardais is mó
borde
Madrid
borde
Móstoles
# Bardas Daonra # Bardas Daonra
borde
Fuenlabrada
borde
Alcalá de Henares
1Madrid3,182,98111Las Rozas95,071
2Móstoles206,58912San Sebastián de los Reyes86,707
3Fuenlabrada194,66913Pozuelo de Alarcón85,605
4Alcalá de Henares194,31014Rivas-Vaciamadrid83,767
5Leganés187,72015Coslada83,011
6Getafe178,28816Valdemoro73,976
7Alcorcón168,14117Majadahonda71,299
8Torrejón de Ardoz 128,01318Collado Villalba62,152
9Parla125,89819Aranjuez58,213
10Alcobendas114,86420Arganda del Rey53,821
Foinse: Instituto Nacional de Estadística (2017)

Is é Comhphobal Mhaidrid an tríú comhphobal is mó sa Spáinn de réir daonra agus an cúige is mó ar ndóigh. Tá 6,587,711 ina gcónaí ann ón mbliain 2018 agus is cosúil go bhfuil daonra na cathrach ag dul i méid. Tá dlús daonra 820.59 aige i bhfad níos airde na meán na tíre. Ar ndóigh tá formhór muintir an chomhphobail ina gcónaí sa phríomhchathair agus san mórcheantar uirbeach agus é ar an mórcheantar is mó sa tí. Ar ndóigh tá réimse mór i dtaobh cúlra muintir na cathrach le 13.32% daoine ag teacht ó thar lear (an céadatán is mó sa tír) agus tá go leor imirce ann ar chúiseanna fostaíocht.

Don chuid is mó ba Caitlicigh iad muintir an réigiúin le mionlach Iúdach agus Moslamach.

Is é Comhphobal Mhaidrid an réigiúin leis an meán is airde san Aontas Eorpach ó thaobh ionchas saoil de. Is 82.2 saolré na bhfear agus 87.8 saolré na mban (2016).


Cultúr

Spórt

Ar ndóigh is é sacair an spórt is mó tóir air sa réigiún le clú agus cáil ar na clubanna sacair ón réigiúin. Is é Real Madrid an club sacair is cáiliúla sa tír chomh maith le Barcelona. Ach tá clú agus cáil bainte amach ag Atlético de Madrid le blianta anuas agus iad mar churaidh san Europa League agus iad ag imirt gcluiche cheannais Sraith na Seaimpíní. Chomh maith leo siúd tá Getafe, Rayo Vallecano, agus Leganés ag imirt faoi láthair sa Sraith La Liga ag imirt sa dara sraith.

Mar aon le neart príomhchathracha eile san Eoraip tá Cumann Lúthchleas Ghaeil ann chomh maith; Madrid Harps.[1] Is iad cispheil agus liathróid láimhe na spóirt eile le tóir orthu sa réigiún.

Tagairtí



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.