Comhaltán Ua Cléirigh
Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Comhaltán Ua Cléirigh, (beo 964).
Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[1]
- Maidhm ria[2] c-Comhaltán ua Clérigh .i. tighearna Ua Fiachrach Aidhne, & ria Maol Sechlainn, mac Arcdai, for Fherghal ua Ruairc, du i farcabhtha[3] secht céd im Toichleach ua n-Gadhra, tighearna Luighne Deisceirt.
Luathbhall de chlann Uí Chléirigh ba ea Comhaltán. B'fhéidir gurbh é Eoghan Ua Cléirigh, easpag Chonnacht, a dheartháir, a d'éag sa bhliain 967. Bhí mac aige darb ainm Giolla Cheallaigh.
Tagairtí
- Annála na gCeithre Máistrí, ACM 964.7
- 6 ré, ría (d), 'maidhm ré/ria (buaiteoir) for (cailliúnaí)', ar eDIL
- fo-ácaib, caill, ar eDIL
Réamhtheachtaí Flann Ua Cléirigh |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne beo 964 |
Comharba Mac Comhaltáin Ua Cléirigh |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.