Colombo
Is é Colombo an chathair is mó i Srí Lanca, tír oileánda san Áise Theas. Tá Colombo lámh le Sri Jayawardenepura Kotte, príomhchathair oifigiúil na tíre, agus áirítear é mar fo-bhaile de Cholombo. Is é Colombo lár trádálach, airgeadais agus cultúrtha Shrí Lanca. Tá calafort tábhachtach ann. Sa bhliain 2005 bhí 752,993 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 5.6 milliún i mórcheantar na cathrach.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
කොළඹ (si) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stáit | Srí Lanca | ||||
Province of Sri Lanka (en) ![]() | Western Province (en) ![]() | ||||
District of Sri Lanka (en) ![]() | Colombo District (en) ![]() ![]() | ||||
Príomhchathair de | Srí Lanca Western Province (en) ![]() Colombo District (en) ![]() An tSiolóin Bhriotanach Dominion of Ceylon (en) ![]() ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 752,993 (2011) ![]() | ||||
• Dlús | 20,175.73 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Western Province (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 37,321,728 m² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Kelani agus an tAigéan Indiach ![]() | ||||
Airde | 1 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 00000–09999 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 011 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cmc.lk ![]() |
Stair
Mar gheall ar an gcalafort breá nádúrtha, d'fhás lonnaíocht ann fada siar. Bhí eolas ag na trádálaithe agus daoine eile ar Cholombo 2,000 bliain ó shin, ón Róimh go dtí an tSín. Bhí Colombo ina phríomhchathair ag na tíortha coilíneacha ag tosnú sna 1700idí faoi na Portaingéalaigh, a raibh cuid de chósta thiar an oileáin faoina smacht. Choimeád na hOllannaigh an phríomhchathair in Colombo nuair a ghlac siad seilbh ar choilíneacht na bPortaingéalach. Rinne na Briotanaigh an rud céanna nuair a chuir siad an tír faoina smacht sa bhliain 1815. Mhair an stádas mar phríomhchathair faoin rialtas neamhspleách go dtí an bhliain 1982.
![](../I/Colombo_Municipal_Council.JPG.webp)
![](../I/InsideSeema.jpg.webp)
Naisc sheachtracha
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |