Collateral Murder
I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán[1] d'eachtra amach a tharla ar 12 Iúil 2007, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh na hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder, nó "Slad de Leataobh".[2]
| ||||
Cineál | aerionsaí ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 12 Iúil 2007 ![]() | |||
Suíomh | Bagdad, An Iaráic ![]() | |||
Meán cumarsáide | ||||
Is i 2010 a tharraing Wikileaks aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe. Bhí na hionsaithe aeir dírithe ar shibhialtaigh neamhchiontacha. Thaitin an babhta mór lámhaigh i mBagdad leis na fir gunna sna héileacaptair is cosúil, mar fhíschluiche, ag marú daoine gan trua gan taise.
![](../I/Collateral_murder_injured.jpg.webp)
Bhain na híomhánna láidre, an spraoi lámhaigh agus na focail neamhbhalbha ráite ag na saighdiúirí, preab as a lán daoine – a mhalairt ar fad den eolas glan srianta sin a thagann amach ó na foinsí oifigúla.[3]
Ag an am i 2007, bhí chogadh cathartha ar siúl san Iaráic.[4]
Féach freisin
Tagairtí
- Wikileaks (12 Iúil 2007). "Collateral Murder - Iraq". Dáta rochtana: 2020.
- Wikileaks. "Collateral Murder". collateralmurder.wikileaks.org. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- Brian Ó Broin. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.