Colaistéaról
Ceimiceán stéaróideach atá mar chomhpháirt in an-chuid bianna, go mór mór bianna saille. Má bhíonn tiúchan an cholaistéaróil i bhfuil duine ró-ard, is féidir go dtarlóidh deascadh taobh istigh de bhallaí na n-artairí a chúngaíonn is a stalcann iad, staid ar a dtugtar scléaróis artaireach. Tá dhá shaghas colaistéaróil ann: lipeapróitéin ard-dlúis (HDL), agus lipeapróitéin ísealdlúis (LDL). Meastar go gcuireann an lipeapróitéin ísealdlúis go mór leis an deascadh dochrach sna hartairí, agus go gcabhraíonn an lipeapróitéin ard-dlúis leis an gcolaistéaról a ghlanadh amach ó imshruthú na fola isteach san ae, ag laghdú priacal an ghalar croí. Má bhíonn duine cúramach bianna gan mórán saille sáithithe nó uibheacha a ithe, coimeádann sé sin tiúchan an cholaistéaróil san imshruthú sách íseal. Is é an ghnáth-thuiscint go bhfuil cóimheas idir LDL is HDL sa bhfuil níos lú ná 4.5 inmhianaithe, ach go bhfuil priacal galar croí thar an gcoiteann ann má bhíonn an cóimheas níos mó ná sin.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Colaistéaról". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.
Naisc sheachtracha
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |