Coláiste Liam agus Mháire

Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil "Coláiste" uirthi) is ea Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (Béarla: The College of William and Mary in Virginia). Tá an Coláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1692 nuair a bhronn an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire II a chairt ríoga air (ag an am sin, bhí Virginia ina choilíneacht Shasanach). Níor cuireadh tús leis an múinteoireacht go dtí 1697 áfach, mar go raibh ionsaithe na Meiriceánach Dúchasach ar siúl go minic i gceantar Jamestown ag an am sin. Dá bharr sin, cé gurb í Coláiste Liam agus Mháire an chéad ollscoil a bhfuil cairt aici i Meiriceá, is í Ollscoil Harvard an chéad ollscoil a cuireadh i bhfeidhm i Meiriceá (agus is í Coláiste Liam agus Mháire an dara ollscoil is sine i Meiriceá).

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Liam agus Mháire

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil phoiblí taighde
public educational institution of the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1693
Bunaitheoir(í)James Blair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deOak Ridge Associated Universities (en) Aistrigh
Scholarly Publishing and Academic Resources Coalition (en) Aistrigh
Center for Research Libraries (en) Aistrigh
Association of Public and Land-grant Universities (en) Aistrigh
LIGO Scientific Collaboration (en) Aistrigh
Coalition for Networked Information (en) Aistrigh
ORCID Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí8,484 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe2,811 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Maoiniú airgeadais1,302 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
ISIL (en) AistrighUS-viw Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwm.edu Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: williamandmary Twitter: williamandmary Instagram: william_and_mary Cuir in eagar ar Wikidata

Níl aon cheangal ag an ollscoil le creideamh nó reiligiún ar bith.

I measc céimithe na hollscoile, tá:

  • George Washington (an chéad Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá; fuair sé ceadúnas suirbhéireachta ón gcoláiste agus é ina dhéagóir. Tháinig sé mar shansailéir na scoille ó 1788 go 1799.
  • Thomas Jefferson (údar Fhorógra Saoirse Mheiriceá, tríú hUachtarán na Stát Aontaithe, agus bunaitheoir Ollscoil Virginia)
  • James Monroe (cúigiú Uachtarán na Stát Aontaithe)
  • John Marshall (an ceathrú ardbhreitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe)

I measc na ndaoine atá baint acu leis an ollscoil, tá:

Tagairtí

    This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.