Coirne
An chuid thrédhearcach thosaigh de chumhdach seachtrach cosanta mheall na súile. Bíonn a cuaire difriúil ó dhuine go duine agus de réir aoise (níos mó san ógánach, níos lú sa seanduine). Más mór an éagothroime idir an chuaire chothrománach is an chuaire ingearach, ní bíonn an tsúil in ann líne chothrománach is líne ingearach a fhócasú ag an bpointe céanna: tugtar aistiogmatacht ar an riocht sin. Bíonn an choirne freagrach as athraonadh an tsolais a théann isteach sa tsúil, á fhócasú go neasach ar an reitine ionas nach gá don lionsa ach mionathrú mín deireanach a dhéanamh. Níl aon fhuileadáin i gcoirne an duine fhásta, ach amháin ag na himill. Is féidir gurb é sin an chúis nach ndiúltaítear do bheanguithe coirne.[1]
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Laidin | cornea |
Cuid de | súil dhaonna agus súil |
Aitheantóirí | |
MeSH | D003315 |
TA | A15.2.02.012 |
FMA | 58238 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1070 |
EB Online | science/cornea |
Téarmaíocht anatamaíoch |
![](../I/Schematic_diagram_of_the_human_eye_multilingual.svg.png.webp)
Anatamaíocht na súile
1. Cúlchuasán
2. Cuaisín tosaigh
3. Coirne
4. Mac imrisc
5. Uvea
6. Inteachán
7. Corp fabhránach
8. Córóideach
9. Scléara
10. Ballnasc crochta an lionsa
11. Lionsa
12. Lionn gloiní
13. Ducht hiailideach
14. Reitine
15. Macula lutea
16. Foibhé
17. Diosca optach
18. Néaróg optach
19. Fuileadáin na reitine
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Coirne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.
Naisc sheachtracha
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.