Cogadh Cathartha na Siria
Thosaigh Cogadh Cathartha na Siria (Araibis: الحرب الأهلية السورية, Al-ḥarb al-ʼahliyyah as-sūriyyah) sa bhliain 2011. Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011. Fógraíodh go raibh an cogadh thart nuair an chuir an fáilte roimh an tUachtarán agus deachtóir Assad i mí na Bealtaine 2023.[1]
| ||||
Cineál | cogadh cathartha proxy war (en) communal violence (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | An tEarrach Arabach agus Arab Winter (en) | |||
Tréimhse | 15 Márta 2011 - | |||
Dáta na bliana | 2011 | |||
Suíomh | an tSiria, An tSiria | |||
Tír | an tSiria | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | An tEarrach Arabach | |||
Ba chúis leis | spillover of the Syrian Civil War (en) international reactions to the Syrian civil war (en) | |||
Líon básanna | 570,000 | |||
Croineolaíocht | ||||
Léigear Daraa | ||||
Khan Shaykhun chemical attack (en) | ||||
Battle of Baghuz Fawqani (en) | ||||
2019 Turkish offensive into north-eastern Syria (en) | ||||
Le cuid | ||||
2011 agus Earrach na nArabach
Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[2] D'éirigh ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria
Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis.
Seach-chogaí
Bhí seach-chogaí (‘proxy’) ann ar feadh na mblianta. I measc na ngrúpaí agus na dtíortha a bhí páirteach sna ‘cogaí sin’, bhí an Rúis, an Iaráin, an Tuirc, Iosrael, Meiriceá, an Fhrainc, an Bhreatain, An Araib Shádach, Catar agus an Liobáin, agus airm eile, go mór mór Hezbollah, ISIS agus al-Nusra.
Bhí stát de facto bainte amach ag an grúpa ainrialach, Coirdíneach an YPG/J i dtuaisceart na tíre. Agus bhí stát uathlathach, ‘Ioslamach’ bunaithe in oirthear na tíre ag lucht ISIS ag pointe amháin.
Sheas an tUachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin, ón Rúis agus ón Iaráin.[3]
Léirscrios
Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.[4]
Ghouta
Ar 20 Lúnasa 2012, d'fhógair Barack Obama, uachtarán na Stát Aontaithe, “Tá ár gcuid bunphrionsabal againn; ní thig liom glacadh le cogaíocht cheimiceach”
Ach bliain amháin níos déanaí, ar 20/21 Lúnsasa 2013, dáta siombalach, rinne fórsaí Assad ionsaí ceimiceach ar Ghouta sa tSiria. Chinn Obama faic a dhéanamh, volte face náireach.[5] Bhain Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, leas as an áiméar sin agus lean an cogadh ar aghaidh ar feadh cúpla bliain eile ar dhéine íseal.
Féach freisin
Tagairtí
- "The Arab League clears the Assad regime" (en). Le Monde.fr (2023-05-09). Dáta rochtana: 2023-08-20.
- An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
- Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
- UNHCR. "Syria Refugee Crisis Explained". www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- "Authorization for the Use of Military Force Against the Government of Syria to Respond to Use of Chemical Weapons" (as en) (2023-08-07). Wikipedia.