Clochar Ard Fhíonáin
Tá iarsmaí Chlochar Ard Fhíonáin nó Mhainistir Mhuire le fáil i bparóiste Bhaile Uí Bheacáin i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thiar, Contae Thiobraid Árann. Tá an láithreán suite timpeall trí chiliméadar laisteas d’Ard Fhíonáin.[1]
Síltear gur bunaíodh an mhainistir in 1314 mar láithreán Cairmilíteach. Bhí teach de chuid Mhanaigh Ard Fhíonáin ann in 1541, agus b’fhéidir gurb é teach an Tríú hOrd Proinsiasach den mhainistir atá i gceist.[1]
Tá sleachta as Rollaí an Státchiste maidir le cíosanna atá amuigh ag an gCoróin ar mhainéar Wonaght i gContae Thiobraid Árann, ar chuid de Mhainistir Ard Fhíonáin agus ar thailte eile i gContae Chill Chainnigh agus i gContae Thiobraid Árann ó Mhí Mheán Fómhair 1606 go dtí Mí Aibreáin 1610.[1]
Nótaí
- Gwynn, Aubrey & Hadcock, Richard Neville. Medieval Religious Houses: Ireland. Longmans, 1970: lch 290.
Tagairtí
- O'Donnell, Mary, “Excavation of a section of the Rian Bó Phádraig near Ardfinnan,” Tipperary Historical Journal (1999): lgh 183-189
- Ó Clabaigh, Colmán. The Friars in Ireland 1224 - 1540. (Dublin 2012)
- Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Exchequer Rolls extracts re lands of Ardfinnan”
- Bailiúchán Lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann: “OS notes made by John O'Donovan (Ardfinnan)”
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Monastic Ireland Curtha i gcartlann 2020-01-14 ar an Wayback Machine