Clocha fuail

Cruthú calcalas sna duáin, sna húiréadair is/nó sa lamhnán. Salainn fosfáite, carbónáite is ocsaláit chailciam, maignéisiam is amóiniam is mó a bhíonn iontu. Bíonn claonadh ann iad a chruthú nuair a bhíonn an fual tiubhaithe, mar shampla i gcás díhiodráitithe. Fachtóirí eile a chuireann leis an gclaonadh seo is ea tiúchan ard cailciam is ocsaláite sa chothú agus fachtóirí géiniteacha clainne. Faightear clocha aigéid úraigh nuair a bhíonn gúta ag duine, agus clocha cistín i gcás an ghalar tearc cothaithe cisteanúire. Is féidir go ngreannóidh clocha mar seo an chonair úiríneach, go dtarlóidh rith fola dá mbarr agus ionfhabhtú sna duáin. Nuair a bhíonn clocha san úiréadra, bíonn pianta géara ag duine ina dhroim is na cliathán. Uaireanta tagann siad amach uathu féin, agus uaireanta eile is gá iad a bhriseadh le tonnta turrainge ultrafhuaime, próiseas a dtugtar lititripse air.[1]

Clocha fuail

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Clocha fuail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 145.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.