Clement Attlee
Príomh-aire na Ríochta Aontaithe ab ea Clement Richard Attlee, an chéad Iarla Atlee (3 Eanáir 1883 - 8 Deireadh Fómhair 1967), idir 1945 agus 1951, agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre idir 1935 agus 1955. Bhí sé i gceannas ar an gcéad rialtas a bhí ag an bpáirtí ina raibh tromlach acu, tar éis bua as cuimse ganfhiosaíochta a bheith acu sa toghchán iarchogaidh sa bhliain 1945 ar Winston Churchill agus na Coimeádaigh.
Tá rialtas Attlee glactha mar cheann de na rialtais is rathúla agus is réabhlóidí sa 20ú haois sa Bhreatain. Ghlac siad isteach an Stát Sochair iarchogaidh agus bunaíodh an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta (NHS). Thug rialtas an Lucht Oibre neamhspleáchas don Ind freisin i 1947.
Tá a lán staraithe den bharúil freisin gur phríomh-aire an-rathúil Atlee, a bhí in ann smacht maith a choimeád ar a chaibinéad. Vótáladh é mar an phríomh-aire is fearr san 20ú haois ag ollaimh sa bhliain 2004 Curtha i gcartlann 2006-03-28 ar an Wayback Machine.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |